Íocaíochtaí Leasa Shóisialaigh d’Úcránaigh nua le gearradh ó €220 sa tseachtain go €38.80

10/12/2023

Ní bhfaighidh Úcránaigh atá ag teach anseo as seo amach áit chónaithe ach ar feadh 90 lá – ach ní bheidh aon tionchar orthu siúd atá anseo cheana féin ceaptar.

Tá an Rialtas chun tacaíocht a laghdú d’Úcránaigh a thagann anseo, chun airgead a shábháil.

Tháinig ardú ar an gcostas a bhaineann le tacaíocht a thabhairt dóibh siúd atá ag teitheadh ó ionsaí na Rúise ar a dtír – ach tá sé sin i bpáirt mar gheall ar riaráiste (backlog) sa chostas ard a bhaineann le soláthraithe lóistín príobháideacha (private accommodation providers) a íoc.

Simon Coveney
Simon Coveney

Ní bheidh áit chónaithe ag an Stát do dhídeanaithe ón Úcráin ach go ceann 90 lá tar éis dóibh teacht go hÉirinn faoi phleananna nua a bheidh á bplé ag an gComh-Aireacht (Cabiinet) Dé Máirt.

Dúirt foinsí sinsearacha Rialtais freisin go bhfuiltear ag súil go laghdóidh an Chomh-Aireacht íocaíochtaí leasa shóisialaigh do dhaoine nua a thagann isteach ón Úcráin ón €220 sa tseachtain faoi láthair go dtí an €38.80 a íoctar faoi sholáthar díreach (direct provision), dar leis an Irish Mail on Sunday.

Tá an cinneadh á dhéanamh chun an caiteachas iomlán a ghearradh, ach ní bheidh aon tionchar ag na hathruithe ar Úcránaigh atá ina gcónaí anseo cheana féin.

Tá an nuachtán ag tuairisciú freisin go mbeidh costas níos mó ná €2 billiún ar thithíocht agus ar bheathú dídeanaithe ón Úcráin faoi dheireadh na míosa.

Agus meastar go mbeidh an bille leasa do Úcránaigh níos mó ná €500 milliún don bhliain seo amháin – dhá oiread an méid a íocadh in 2022.

Roderic O'Gorman
Roderic O’Gorman

Mar sin féin, baineann cuid mhór de sin le cuideachtaí príobháideacha a íoc as lóistín a cuireadh ar fáil sna blianta roimhe seo. Bhí moill ar iad a íoc.

Thug an tAire Fiontair Simon Coveney le fios inné go mbeadh athruithe ar shochair lóistín agus leasa dhídeanaithe na hÚcráine agus go ndéanfaí cinneadh orthu níos déanaí an tseachtain seo.

‘I mo thuairimse, beidh plé i bhfochoiste (sub-committee) Comh-Aireachta Dé Luain, agus tá súil agam go ndéanfar cinneadh sa Chomh-Aireacht an tseachtain seo chugainn,’ a dúirt sé ar an gclár Saturday with Colm Ó Mongáin ar RTÉ.

‘Sílim go bhfuilimid ag cuir i bhfad níos mó tacaíochta ar fail faoi láthair ná an chuid is mó de thíortha Eorpacha eile agus sílim go bhfuil gá le athrú air sin, agus sílim go bhfuil sé sin aitheanta.

‘Tabharfaidh [an t-Aire Comhionnanas Roderic] O’Gorman a thograí isteach dúinn. Déanfaimid iad a phlé go fada sílim, roimh chruinniú na Comh-Aireachta agus ansin déanfaimid cinneadh ar sin.’

Dúirt an tUasal Coveney nach dócha é (it is unlikely) go n-athrófar stádas na dteaghlach Úcránach atá in Éirinn faoi láthair, ag cur leis: ‘Is éard atá i gceist leis seo ná comhartha a thabhairt don todhchaí (future).’

Léiríonn figiúirí a d’fhoilsigh an Irish Mail on Sunday, ón Roinn Comhionnanas, go bhfuil an caiteachas iomlán ar óstáil na nÚcránach faoin scéim Tairbhithe Cosanta Sealadacha (Beneficiaries of Temporary Protection, BOTP) méadaithe beagnach faoi thrí i mbliana.

Ní bheidh aon tionchar ag na hathruithe ar Úcránaigh atá ina gcónaí anseo cheana féin
Ní bheidh aon tionchar ag na hathruithe ar Úcránaigh atá ina gcónaí anseo cheana féin

Anuraidh, €522 milliún a bhí ann ach d’ardaigh sé sin go €1,395 milliún idir Eanáir agus deireadh na chéad seachtain i mí na Nollag, rud a thug an figiúr iomlán go €1,917 milliún.

Deimhníonn figiúirí a chuir an Roinn Leasa Shóisialaigh ar fáil an deireadh seachtaine seo gur €465.2 milliún an caiteachas ar thacaíochtaí leasa do dhídeanaithe ón Úcráin don bhliain seo suas go dtí deireadh mhí na Samhna.

Seo i gcomparáid leis an €249.2 milliún a íocadh mar shochair leasa leis na hÚcránaigh anuraidh.

I nóta a ghabhann le sonraí na bhfigiúirí BOTP is déanaí, dúirt an Roinn Comhionnanas go raibh an méadú ollmhór ar chostais lóistín i mbliana mar gheall go páirteach ar riaráiste (backlog) íocaíochtaí a rinneadh le soláthraithe (providers) lóistín.

Dúirt urlabhraí: ‘Tharla riaráiste suntasach in 2022 maidir le híocaíochtaí a dhéanamh, mar gheall ar an líon mór íocaíochtaí a bhí le híoc ag an Roinn, nach bhféadfaí a bheith ag súil leis roimh an ngéarchéim.’

Dúirt siad go bhfuil ‘an riaráiste réitithe ó shin’.


Scéalta ExtraG.ie ó Luan go hAoine

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram