Shane ár laoch, ár ghile mear

08/12/2023

Chan Nick Cave amhrán Shane, Rainy Night in Soho, sa séipéal, ach níos luaithe chan muintir Bhaile Átha Cliath an t-amhrán céanna ar na sráideanna – arbh é seo an bealach foirfe chun slán a fhágáil le Shane MacGowan

Bhí sé cosúil le oíche na nOscar ba bhrónaí a d’fhéadfá a shamhlú le go leor daoine cáiliúla ann – ach bhí siad ann chun slán a fhágáil le Shane MacGowan.

Chan Nick Cave Rainy Night in Soho, léigh Johnny Depp paidir na dílis agus léigh Gerry Adams sliocht (reading).

Léigh an t-aisteoir Game of Thrones Aidan Gillen sliocht freisin agus seinneadh taifeadadh de sliocht le Bono, nach bhféadfadh a bheith san Aonach (Nenagh) le haghaidh na sochraide.

Ina measc siúd a bhí i láthair bhí Uachtarán na hÉireann Micheál D Ó hUigínn.

Chan Mundy agus Camille O’Sullivan Haunted, an t-amhrán a scríobh Shane faoin ngrá idir Sid Vicious agus a chailín Nancy Spungen, a thaifead Shane le Sinéád O’Connor níos déanaí é.

Agus an chéad léamh á thabhairt aige, ghabh an tUasal Adams buíochas le Shane as ‘ceiliúradh na ndaoine ar an imeall, na boicht, na deoraithe agus na daoine bochta’.

Dúirt sé gur ‘bhog Shane muid amach as muid féin’ agus ‘níor ghéill sé riamh’.

‘Beidh do cheol beo go deo’, a dúirt sé, ‘you are the measurer of our dreams.’

Chan Imelda May You’re The One agus dúirt an tAthair Pat Gilbert go raibh ‘doimhneacht agus ionracas ag Shane nach minic a thuig daoine’.

D’inis sé mar a ghlac Shane páirt i léiriú Nick Cave den amhrán Bob Dylan, Death is Not the End, agus labhair sé na focail seo ón amhrán:

‘For the tree of life is growing, where the spirit never dies

and the bright light of salvation shines in dark and empty skies.

Shane MacGowan Funeral 25

Not the end, not the end, just remember that death is not the end.’

Níos luaithe sa lá chuaigh na mílte duine ar shráideanna Bhaile Átha Cliath, le haghaidh mórshiúl sochraide Shane tríd an bpríomhchathair –sular tugadh go dtí an tAonach (Nenagh), Co Thiobraid Árann (Tipperary), é le haghaidh na sochraide.

Bhí daoine ó Bhaile Átha Cliath – agus ó gach cearn den domhan – amach ina mílte chun slán a fhágáil leis an laoch ceoil.

Shane MacGowan Funeral 17

Bhásaigh an amhránaigh as na Pogues Déardaoin seo caite tar éis tinnis fhada.

Bhí  cóiste capaill (horse-drawn carraige) le bratach na hÉireann agus grianghraf de Shane ar cheann ar an mórshiúl, agus Banna Artane ag máirseáil taobh thiar de.

Cuireadh tús leis an mhórshiúl ar acomhal Bhóthar na Lotaí Theas/Bhóthar na Rinne (South Lotts Road/Ringsend Road junction) sular lean sé ar aghaidh go Sráid an Phiarsaigh (Pearse Street) agus ansin Rae an Iarthair (Westland Row).

Shane MacGowan Funeral 11

Ar an mbealach sheinn lucht caoineadh cuid de na hamhráin ab ansa leo ó na na The Pogues, leithéidí Rainy Night in Soho, Dirty Auld Town agus, i spiorad shéasúr na Nollag, Fairytale of New York, leis an mhórshiúl ag dul tríd na sráideanna, agus daoine ag teacht suas ina mílte chun a meas a thabhairt do Shane.

Johnny Depp
Johnny Depp

Tá meas tugtha ag daoine ar na meáin shóisialta freisin, agus an craoltóir Maïa Dunphy ag scríobh ar X (Twitter) ‘nach mbeidh a leithéid ann arís.’


Scéalta ExtraG.ie ó Luan go hAoine

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram