Bhí díospóireachtaí feargacha sa Dáil, le roinnt Teachtaí Dála Neamhspleách cúisithe as tuairimí den eite dheis a spreagadh faoi daoine ó thar lear ar mhaithe le cúpla vóta.
Le linn na díospóireachta rinne TD amháin comparáid idir RTÉ agus craoladh faoi stiúir an stáit faoi Stalin, agus ghlaoigh TD eile ‘fear beag uafásach’ ar urlabhraí de chuid Pháirtí an Lucht Oibre.
Mhínigh an tAire Dlí agus Cirt Helen McEntee, áfach, gur rugadh 20% dóibh siúd in aois oibre lasmuigh d’Éirinn agus go ndéanfaí seirbhísí a ghearradh agus go n-ardódh cánacha gan iad.
Le linn na díospóireachta sa Dáil cuireadh ina leith baill den ghrúpa Neamhspleách Tuaithe (Rural Independent) go raibh siad ag spreagadh frith-inimircigh ‘ar mhaithe le cúpla vóta’.
Tháinig an díospóireacht go luath i ndiaidh círéib chathair Bhaile Átha Cliath atá á fiosrú mar gheall ar an bhforéigean agus mar gheall ar ghrúpaí frith-inimirce ó thar lear a thacaigh leis na hagóideoirí.
Chuir grúpa Neamhspleách Tuaithe tairiscint ar inimirce chun cinn sa Dáil a d’iarr ar an Rialtas srianta a chur ar inimirce.
Dúirt ceannaire na nDaonlathaithe Sóisialacha Holly Cairns, áfach, go raibh an tairiscint ‘ag cothú deighiltí agus ag scaipeadh eagla agus mífhaisnéis iomlán’.
‘Agus é sin á dhéanamh acu, tá siad ag cur “target” ar chúl na n-imirceach agus na n-iarrthóirí tearmainn ar mhaithe le cúpla vóta. Ba cheart go mbeadh náire orthu féin,’ a dúirt Ms Cairns.
Deir an tairiscint go bhfuil inimircigh ag teacht anseo gan aitheantas.
Chuir TD de chuid an Lucht Oibre Aodhán Ó Ríordáin síos ar an gcur chuige a bhí acu mar: ‘Bíodh eagla ort roimh an duine ó thar lear – vótáil domsa.’
Chuir an tUasal Ó Ríordáin I leith an TD Neamhspleách Mattie McGrath i gor baith sé ag spreagadh an dearcadh frith-inimirceach ar mhaithe le tairbhe pholaitiúil.
Mar sin féin, thug Teachta Dála Neamhspleách eile, Michael Healy Rae, ‘fear beag uafásach’ ar an Uasal Ó Ríordáin.
Dúirt an tUasal McGrath go raibh na meáin faoi chois maidir le díospóireachtaí inimirce, ‘go háirithe RTÉ’. Dúirt sé freisin: ‘Craoltóireacht faoi stiúir an stáit, mo Dhia ní bheadh sé chomh maith faoi Stalin.’
Dúirt an tAire Dlí agus Cirt Helen McEntee gur rugadh 20% díobh siúd in aois oibre in Éirinn lasmuigh den tír.
‘Gan na n-oibrithe riachtanacha ar fad atá tagtha go hÉirinn ó thar lear, ní bheadh busanna ag rith, bheadh othair gan altraí agus dochtúirí agus gan oibrithe cúraim le haire a thabhairt dóibh, bheadh deacrachtaí ag siopaí oscailt, laghdódh an earnáil teicneolaíochta, bheadh seirbhísí turasóireachta ag dul i laghad, thiocfadh laghdú ar an ngeilleagar, laghdófaí ár bhfáltais chánach, chaithfí caiteachas poiblí a laghdú, agus thiocfadh ardú ar dhífhostaíocht.’
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.