Tá sé tugtha le fios ag teaghlach Trevor Deely go bhfuil an fear a chonacthas ar CCTV ag siúl taobh thiar dó, an oíche a chuaigh sé ar iarraidh, aimsithe ag gardaí.
Mar sin féin, chuir siad as an áireamh é ó thaobh an imscrúdú de, agus dúirt siad nach bhfuil amhras go ndearna sé aon rud mícheart.
Foilsíodh pictiúir ón CCTV blianta tar éis do Trevor Deely dul ar iarraidh agus é ar oíche Nollag 23 bliain ó shin.
Bhíothas ag súil go bhféadfadh an té a chonacthas taobh thiar de Deely cabhrú leis an imscrúdú.
Mar sin féin tá duine eile le feiceáil leis an oibrí bainc i mBaile Átha Cliath an oíche sin.
Bhí an duine sin, a bhí le feiceáil ar CCTV freisin, ag caint le Trevor Deely, a bhí 22 bliain d’aois, ag geata cúil Bhanc na hÉireann in Ardán Wilton, cathair Bhaile Átha Cliath, oíche an 8 Nollaig, 2000.
Tá sé ráite ag deartháir Mr Deely, Mark, go bhfuil sé deacair a chreidiúint go bhfuil siad fós ag lorg freagraí 23 bliain níos déanaí.
In 2017, d’eisigh An Garda Síochána píosaí scannáin CCTV de dhuine a bhí ag caint le Trevor Deely ag geata cúil an bhainc ina raibh sé ag obair. Taifeadadh é go luath ar an 8 Nollaig.
Poiblíodh freisin píosaí scannáin eile d’fhear ag siúl taobh thiar de Trevor síos Bóthar Haddington, Baile Átha Cliath, tamall gairid ina dhiaidh sin.
Ach tá sé ráite ag Mark Deely go bhfuil an fear a chonacthas ag siúl taobh thiar dá dheartháir sa phíosa scannáin aimsithe ag na gardaí, agus dúirt sé nach raibh ann ach comhtharlú go raibh an duine sin i láthair.
‘Thug na gardaí na píosaí scannáin ar aghaidh chuig an Bhreatain, chuig cuideachta a féachaint an bhféadfaí é a fheabhsú agus a cháilíocht a fheabhsú,’ a dúirt sé.
‘Rinne siad é sin, agus tháinig sé ar ais i mí Lúnasa nó Meán Fómhair agus tá siad sásta anois nach raibh an duine a bhí taobh thiar de Trevor ar Bóthar Haddington á leanúint,’ a dúirt Mark Deely.
‘Tá sé aitheanta anois agus tá siad lánsásta nach bhfuil baint ar bith aige leis sin. Tarlaíonn sé go raibh sé ag siúl taobh thiar dó.
‘Cuireann sé sin deireadh leis an amhras freisin go mb’fhéidir gurb é sin an duine céanna a bhí ag na geataí cúil a chonacthas leath uair go dtí 40 nóiméad roimhe sin, nuair a chuaigh Trevor isteach ina áit oibre.
‘‘Díreach fuaireamar amach faoi sin le déanaí. Is dóigh liom gur céim bheag eile í,’ a dúirt sé.
Bhí Mark Deely ag labhairt tar éis searmanas chun National Missing Persons Day a chomóradh i bPáirc an Chrócaigh, Baile Átha Cliath, ar ar fhreastail gaolta agus cairde roinnt den 900 duine atá ar iarraidh go fadtéarmach in Éirinn.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.