Tá tuiscint níos fearr ar sheasamh na hÉireann ar na hionsaithe ar Gaza ag fáil tacaíochta sna Stáit Aontaithe, áit a bhfuil an tacaíocht is láidre d’Iosrael le cloisteáil go dtí seo.
D’fhoilsigh ceann de na nuachtáin is mó tionchair sna Stáit Aontaithe, The New York Times, alt ag míniú na mothúcháin feirge agus comhbhrón atá léirithe ag Éireannaigh faoi mhuintir Gaza, áit ar maraíodh breis agus 15,500 duine ó tús na hionsaithe Iosraelach, mná agus leanaí a bhformhór.
Tá tuairisc speisialta ó Bhaile Átha Cliath le Megan Specia ag eagrán maidin Dé Luain den New York Times, ag míniú cén fáth go bhfuil ‘tromlach mhuintir na hÉireann tuisceanach (sympathetic) le sibhialtaigh na Palaistíne, agus iad ag cáineadh ionsaithe Hamas an 7 Deireadh Fómhair freisin.
Tracing the Deep Roots of Ireland’s Support for Palestinians:
Cliceáil ANSEO chun an t-alt sa New York Times a léamh
San alt, scríobhann sí: ‘Ó tharla na hionsaithe faoi cheannas Hamas ar Iosrael ar an 7 Deireadh Fómhair a mharaigh thart ar 1,200 duine, de réir údaráis Iosrael, agus an bhuamáil ar Gaza ina dhiaidh sin, tá Éire tagtha chun cinn mar “outlier” san Eoraip mar gheall ar a seasamh ar an gcoimhlint.
‘Agus iad ag cáineadh ainghníomhartha (atrocities) Hamas, bhí reachtóirí ar fud speictream polaitíochta na hÉireann ar na chéad dreamanna san Eoraip a d’éiligh go ndéanfaí sibhialtaigh na Palaistíne a chosaint; agus a cháin scála freagairt Iosrael, rud a d’fhág breis agus 15,000 duine marbh, dar le hoifigigh sláinte in Gaza — ráta taismeach (casualties) gan mórán fasaigh (precedents) sa 21ú haois.’
Luann sí freisin Ríonach Ní Néill a bhí mar chuid de ghrúpa cairde a bhunaigh ardán beag os comhair Ambasáid na Stát Aontaithe i mBaile Átha Cliath le déanaí; ansin ar feadh 11 uair go leith leigh siad amach na mílte ainmneacha – gach duine acu a maraíodh ó thosaigh Iosrael ag buamáil Gaza.
‘Sílim gurb é an bunlíne in Éirinn i ndáiríre ná go gcuirtear luach ar chearta daonna, agus is é an rud atá ag tarlú anois ná scrios ar chearta daonna uilechoitinne (universal),’ a dúirt Ms Ní Néill, 52, ealaíontóir as Gaillimh. ‘Ní rud é seo ar féidir neamhaird a dhéanamh air.’
Tugann an t-alt le fios freisin go léiríonn an trua do mhuintir na Palaistíne ó Éireannaigh stair choilíneach (colonial) na hÉireann agus luann sí Patrick Kielty.
Deir an t-alt: ‘D’fhás an tUasal Kielty aníos i dTuaisceart Éireann agus maraíodh a athair i 1988 ag grúpa paraimíleata a thacaigh le ceangail na críche leis an mBreatain.’
Dúirt Kielty le lucht féachana an Late Late Show le déanaí: ‘Bhí laethanta ann nuair a shíl muid nach dtiocfadh deireadh leis.’
Mar sin féin, dúirt sé: ‘Táimid ag maireachtáil ár míorúilt féin ar an oileán seo faoi láthair, mar táimid ag maireachtáil faoi shíocháin.
‘Dóibh siúd go léir in Iosrael agus sa Phalaistín anocht, b’fhéidir nach bhfuil cuma mhaith orthu, ach bíonn dóchas ann i gcónaí, agus tá súil againn go dtiocfaidh bhur míorúilt go luath.’
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.