Beagán níos mó ná bliain tar éis do Elon Musk X (Twitter), a fháil ar $44 billiún, tá an chuideachta i ndroch-chaoi.
Tá 5,500 níos lú fostaithe ann, tá sreabhadh airgid (cashflow) diúltach i gcónaí agus is fiú $19 billiún anois an chuideachta – laghdú 55% ar luach i díreach 12 mhí.
Chun cúrsaí a dhéanamh níos measa do Musk agus X, d’fhéadfadh an chuideachta meáin shóisialta oiread agus $75 milliún a chailleadh in ioncam fógraíochta faoi dheireadh na bliana.
Agus ba é an freagra a thug Musk do na comhlachtaí atá ag baghcat (boycott) X ná a rá leo ‘Go f *** yourselves’. Seo mar a tharla sé.
Chuir 200 cuideachta, lena n-áirítear fathaigh cosúil le Disney agus Apple, caiteachas fógraí ar an ardán meáin shóisialta ar sos tar éis do Musk tacaíocht a thabhairt do tweet a chuir ina leith ar phobail Ghiúdacha gur bhrúigh siad ‘fuath i gcoinne daoine geala a mhaíonn siad a bheith ag iarraidh ar dhaoine stop a úsáid ina gcoinne féin’.
D’fhreagair Musk an t-úsáideoir le: ‘Tá an fhírinne ráite agat.’
Ba trom an frithfhreagairt (backlash) dá thacaíocht. D’admhaigh Musk féin, má leanann an baghcat ar aghaidh, go bhféadfadh sé an chuideachta a bhriseadh.
B’fhéidir nach ionadh é, ainneoin leithscéal a ghabháil as an ráiteas, ní cosúil go bhfuil Musk tar éis éirí níos aireach faoina chur chuige i leith gnó.
Ina áit sin, ar an gCéadaoin dúirt sé le fógróirí: ‘Go f*** yourselves’. Tharla sé sin le linn agallaimh ar an stáitse le Andrew Ross Sorkin as an New York Times.
Thug Musk ‘dumhál (blackmail)’ ar an mbaghcat (boycott) agus dúirt sé leis an 200 cuideachta: ‘Ná fógraigh’ le X.
San fhíseán – a d’fhéach na milliúin air, de réir mhéadracht X – tá an chuma air go bhfuil Musk ar buile le Disney, IBM agus cuideachta eile a bhraith sé go bhfuil siad ag dul in a aghaidh.
Is saintréith é an fheidhmíocht sin de chur chuige comhraic Musk i leith gnó.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.