Tá cúl báire na hÉireann Caoimhin Kelleher á ullmhú le haghaidh tréimhse sínte ag imirt do Learpholl (Liverpool).
Ar an drochuair, tagann an dea-scéal do laoch óg Chorcaí le drochscéal do Learpholl.
Tá sé ráite ag foireann an ‘Premier League’ atá i mbéal an phobail le lucht tacaíochta na hÉireann go bhfuil a cúl báire céad rogha Alisson Becker gortaithe agus seans nach mbeidh sé ag imirt go ceann tamaill.
Is imreoir Brasaíleach é Alisson agus meastar é ar dhuine de na peileadóirí is mó meas sa chluiche.
Tá Caoimhin tugtha chun cinn mar ionadaí ar Alisson agus bhí sé ar an gcéad rogha freisin le himirt mar chúl báire i roinnt cluichí Eorpacha agus cluichí Sasanacha taobh amuigh den ‘Premier League’.
Tá clú ar Caoimhin as an cic éirice a thug sé i gCorn na Sraithe i gcluiche ceannais 2022 in aghaidh Chelsea, an nóiméad ba shuntasaí a bhí aige go dtí seo.
Tosóidh sé anois i gcúig chluiche ar a laghad do Learpholl in ionad Alisson.
Áireoidh na cluichí sin trí chluiche sa Premier League a bheidh i gcoinne Fulham, Sheffield United agus Crystal Palace – chomh maith le dhá chluiche i Sraithchomórtas Europa – áit a dtosaíonn sé de ghnáth ar aon nós – beidh siad sin i gcoinne LASK agus Union Saint-Gilloise.
Tá sé ráite ag bainisteoir Learpholl Jurgen Klopp gur cheart go mbeadh Alisson in ann aghaidh a thabhairt ar Manchester United an mhí seo chugainn.
Fuair Alisson gortú hamstring go déanach sa chluiche Dé Sathairn nuair a chríochnaigh Learpholl ar chomhscóir le Manchester City ag 1-1, agus cé gur éirigh leis an gcluiche a chríochnú ní bheidh sé in ann imirt anois sna cúig chluiche eile.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.