Tá gig fógartha ag Christy Moore ar mhaithe le ciste réigiúnach éigeandála Médecins Sans Frontières do Gaza.
Tá sé le bheith ar siúl in ionad Vicar Street i mBaile Átha Cliath ar 16 Feabhra 2024.
Tá an cheolchoirm á reáchtáil ag an amhránaí i gcuimhne ar Mahmoud Abu Nujaile, Ahmad Al Sahar agus Ziao Al-Tatari, triúr dochtúirí a fuair bás an tseachtain seo caite san ionsaí ar Ospidéal Al Awda i nGaza.
Rachaidh fáltais (proceeds) ón gig i dtreo freagra éigeandála Médecins Sans Frontières in Gaza.
Tá sé mar aidhm ag an eagraíocht foirne agus trealamh leighis a shlógadh chun cúram leighis práinneach agus tarrthála a sholáthar do dhaoine sa réigiún.
Beidh ticéid ar díol Dé hAoine seo ag 10rn trí Ticketmaster. Is fiú €50 ticéid sheasaimh agus cosnaíonn ticéid suí €55.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.