Tá cás den Fhliú na Muc (Swine Flu) fógartha i Sasana ach níor aimsíodh aon chás in Éirinn, a dúirt an HSE.
Tá sé molta ag an HSE (Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, FSS) freisin, áfach, go bhfaigheadh aon duine a oibríonn le muca, éanlaith chlóis agus éanlaith uisce (poultry and water fowl) an vacsaín fliú mar chosaint.
Tá an ‘variant influenza A (H1N2)v’ ar cheann de thrí mhórchineál de víris fhliú na muc A i muca.
Mar sin féin, is féidir leo daoine a ionfhabhtú (infect) ó am go chéile de ghnáth tar éis nochtadh díreach nó indíreach do mhuca ach freisin ó thimpeallachtaí éillithe (contaminated environments).
Dúirt Meera Chand, Stiúrthóir Teagmhais ag an United Kingdom Health Security Agency (UKHSA): ‘Is é seo an chéad uair a bhraitheamar an víreas seo i ndaoine sa Ríocht Aontaithe, cé go bhfuil sé an-chosúil leis na víris a braitheadh i muca.’
Dúirt urlabhraí de chuid ans HSE: ‘Níor fógraíodh aon chásanna de ‘variant influenza A (H1N2)v’ in Éirinn.’
D’eisigh siad comhairle freisin d’aon duine a d’fhéadfadh a bheith i mbaol.
‘Ba cheart do dhaoine a bhíonn i ndlúth-theagmháil go rialta le muca, éanlaith chlóis nó éanlaith uisce feasacht a choinneáil ar chomharthaí an fhliú agus fanacht sa bhaile má tá siomptóim acu atá comhsheasmhach leis an bhfliú,’ a dúirt an t-urlabhraí.
‘Ba cheart dóibh teagmháil le daoine i ngrúpaí riosca don fhliú a sheachaint agus dul i dteagmháil lena ndochtúir teaghlaigh má théann a n-airíonna in olcas nó má tá siad i ngrúpa atá i mbaol an fhliú.’
Moltar na gnáth-réamhchúraimí riospráide maidir le casacht a chlúdach, lámha a ní le glóthacha láimhe atá bunaithe ar gallúnach nó alcól.
Is é an vacsaíniú an chosaint is fearr ar an bhfliú.
I Sasana, dúirt UKHSA gur braitheadh Fliú na Muc i duine a chónaíonn i Yorkshire Thuaidh. Dúirt siad go raibh tinneas éadrom ar an duine seo agus go bhfuil téarnamh iomlán aige.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.