Beidh an teocht ag titim agus beidh an aimsir an-fhuar don tseachtain seo, dar le Met Éireann.
Caith éadaí te agus coinnigh an teach te don chuid eile den tseachtain mar meastar go mbeidh sioc fuar (cold frost) ann, le oighear (ice), agus go mbeidh an teocht chomh híseal le -3C.
Tabharfaidh an aimsir fhuar flichshneachta (sleet) agus b’fhéidir ceathanna sneachta leis, agus tá rabhadh tugtha ag an HSE (Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, FSS) do dhaoine éadaí breise a chaitheamh.
Dúirt an HSE go bhfuil sé tábhachtach iarracht a dhéanamh a choinneáil te agus an teach a théamh chun an baol a bhaineann le deacrachtaí sláinte a laghdú mar go bhféadfadh teochtaí níos fuaire cur isteach ar chumas do choirp víris agus ionfhabhtuithe eile (viruses and other infections) a chomhrac.
I nuashonrú, dúirt Met Éireann go bhfuil siad ag súil go mbeidh cathanna i gcodanna den tír.
Ag tabhairt sonraí faoin sneachta a d’fhéadfadh a bheith ann, dúirt Met Éireann: ‘Táthar ag súil go mbogfaidh banna báistí isteach ón Atlantach a d’fhéadfadh casadh beagán geimhridh ar chnoic mar go dtitfidh an teocht gar don reophointe.
‘Tugann na comharthaí reatha le fios go mbeidh an aimsir fhuar don Chéadaoin agus don Déardaoin ag tabhairt ceathanna báistí, clocha sneachta agus flichshneachta,’ a dúirt Met Éireann.
‘Beidh sé níos fuaire de réir a chéile agus beidh sneachta ann thar Chúige Uladh agus ar thalamh ard níos faide ó dheas.’
Don chuid eile den tseachtain, tá cuma ar an Déardaoin gur lá fuar eile a bheidh ann.
‘Beidh neart gréine san iarthar ach beidh sé níos scamallaí in oirthear na tíre le ceathanna scaipthe, go príomha i gcontaetha cósta thuaidh agus thoir, dar le Met Éireann.
Táthar ag súil go mbeidh na ceathanna láidir, go háirithe ar an tír-raon níos airde.
Dúirt Met Éireann: ‘Tugann na táscairí atá ann faoi láthair le fios go mbeidh go leor aimsir thirim agus gheal ann Dé hAoine agus an deireadh seachtaine amach romhainn, agus ceathanna scaipthe go príomha ar chóstaí thuaidh, thiar agus thoir.
‘Méadaíonn an éiginnteacht ón Domhnach, áfach, de réir mar a bheifí ag súil le tuilleadh aimsir fhuar.’
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.