Ba é fear ón mBrasaíl, atá ag obair anseo, an duine a thóg an scian ón ionsaitheoir ar leanaí i mBaile Átha Cliath ar Déardaoin, de réir The Journal.
Bhí círéib in aghaidh na n-inimirceach sa chathair mar thoradh ar an ionsaí ar thriúr páistí agus beirt daoine fásta ar scoil i gCathair Bhaile Átha Cliath.
Rinne dronganna (mobs) de bithiúnaigh (thugs) ionsaí ar ghardaí, rinne siad ruathar ar shiopaí, dhóigh siad busanna agus tramanna agus d’éiligh siad ar inimircigh ‘dul abhaile’.
Mar sin féin, thuairiscigh Eimer McAuley do The Journal gurb é tiománaí deliveroo, Caio Benicio ón mBrasaíl, an fear a chabhraigh chun stop a chur leis na hionsaithe ar na leanaí, rud a d’fhéadfadh a saol a shábháil.
Bhí Benicio ar a ghluaisrothar tráthnóna Déardaoin, i mbun oibre, nuair a chonaic sé fear le scian ag ionsaí cailín óg ar Chearnóg Parnell Thoir.
Láithreach, léim an Brasaíleach, atá 43 bliain d’aois, as a rothar, bhain sé a clogad (helmet), agus bhuail sé an t-ionsaitheoir leis.
‘Ní dhearna mé cinneadh fiú, bhí sé mar “instinct”, agus thárla sé ar fad i soicindí. Thit sé go talamh, ní fhaca mé cá ndeachaigh an scian, agus chuaigh daoine eile isteach,’ a dúirt sé.
‘Tá beirt pháistí agam féin, agus mar sin bhí orm rud éigin a dhéanamh. Rinne mé an rud a dhéanfadh éinne.
‘Bhí daoine ann ach ní raibh siad in ann dul isteach mar bhí sé armtha, ach bhí a fhios agam go bhféadfainn mo chlogad a úsáid mar arm.’
Tar éis a ghníomh crógachta bhí smaointe Benicio go léir ar an gcailín atá cúig bliana d’aois a bhí gortaithe san ionsaí.
‘Chonaic mé san otharcharr í, bhí cuma chomh leochaileach uirthi, bhí orm dul leis na gardaí ansin. Táim ag fanacht le nuacht fúithi,’ a dúirt sé.
‘Mura dtiocfadh an leanbh slán, cheapfainn i gcónaí, d’fhéadfainn a bheith níos tapúla. Roghnaigh mé máinliacht (surgery) a dhéanamh ar mo ghlúin le déanaí, chuir sé moill orm éirí den rothar, an bhféadfainn a bheith níos tapúla?
‘Má mhaireann na híospartaigh go léir, beidh mé buíoch go raibh mé san áit cheart, ag an am ceart,’ a dúirt sé.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.