Chuir drong carr Garda trí thine i mBaile Átha Cliath

Léirigh físeán scanrúil ar na meáin shóisialta scata fir óga agus drong ag screadaíl ráitis chiníocha agus fhoréigneacha agus ag ionsaí na ngardaí

Rinne drong bithiúnaigh foréigneach ionsaí ar ghardaí i mBaile Átha Cliath tráthnóna Déardaoin tar éis tuairiscí gur Ailgéireach an fear a d’ionsaigh leanaí níos luaithe.

Tuairiscíodh freisin gur fear Brasaíleach a bhí ann a rinne idirghabháil chun beatha na bpáistí a shábháil.

Mar sin féin, níor chuir sé sin stop le go leor tráchtairí ciníocha ar líne a bhí ag spreagadh na bithiúnaigh agus iad ag ionsaí na ngardaí.

Protest 10

In aice le láthair an ionsaithe scian ar Shráid Parnell, cuireadh carr Garda trí thine.

Agus Léirigh físeán scanrúil ar na meáin shóisialta scata fir óga ag screadaíl ráitis chiníocha agus fhoréigneacha agus ag ionsaí na ngardaí a bhí ag iarraidh a gcuid dualgas a dhéanamh.

Bhailigh sluaite agóide le chéile tráthnóna tar éis an ionsaí scian corraitheach a tharla ar Chearnóg Parnell ag 1.30pm tráthnóna inniu.

Fuair cailín cúig bliana d’aois cóireáil leighis éigeandála  agus thug na Gardaí le fios gur ‘person of interest’ é fear ina 50idí.

Bhí agóidí ag déanamh ionsaí ar na Gardaí agus imscaradh aonad ord poiblí de chuid an Gharda Síochána sa cheantar thart ar Chearnóg Parnell, Sráid Parnell agus Sráid Uí Chonaill.

Bhí láithreacht láidir Garda fós i lár na cathrach ar oíche Déardaoin agus an slua fir óga, chuid mhaith acu faoi cheilt, ag scairt ar ghardaí agus ar daoine a bhí ag iarraidh dul abhaile ón obair.

Protest 13

Bhris siad trí ‘cordon’ an Gharda agus scaoil siad bladhmanna (flares) contúirteacha agus tinte ealaíne (fireworks) ag na gardaí.

Dúirt urlabhraí ar son an Luas nach raibh aon seirbhísí Líne Ghlas idir Faiche Stiabhna go Doiminic.

Dúirt siad: ‘Tá sé seo mar gheall ar eachtra nach mbaineann leis an Luas i bParnell. Tá ticéid Luas bailí le haghaidh taistil ar Bhus Átha Cliath le linn an chur isteach seo. Gabhaimid leithscéal as aon mhíchaoithiúlacht a tharla.’

Agus dúirt Bus Átha Cliath agus Bus Éireann go raibh fadhbanna acu le cuid seirbhísí.


Scéalta ExtraG.ie ó Luan go hAoine

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram