Tá sé ráite ag Met Éireann go mbeidh sé an -fhuar ag an deireadh seachtaine—agus go dtitfidh an teocht faoi bhun an reophointe.
Agus deir siad go dtosóidh sé sin ar oíche Dé hAoine, oíche an Toy Show.
In ainneoin na stoirmeacha troma i rith mhí na Samhna, lena n-áirítear Stoirm Ciarán agus Stoirm Debi, a thug rabhaidh Stádas Dearg do roinnt réimsí, bhí an teocht fós éadrom ó shin i leith.
Mar sin féin, tá sé ráite ag Met Éireann go dtitfidh an teocht chomh híseal le -3C i gceantair áirithe tar éis seachtaine atá, den chuid is mó, tirim le beagáinín báisteach in áiteanna áirithe.
Tar éis oíche a bhí tirim go príomha, le scamall ar Dé Máirt, dúirt Met Éireann go mbeadh báisteach éadrom ann, go príomha san iarthuaisceart.
Beidh an teocht is ísle idir 4C agus 9C, agus beidh sé is fuaire san oirdheisceart.
Beidh an Chéadaoin tirim agus scamallach den chuid is mó le roinnt báisteach éadrom uaireanta, go príomha i gCúige Chonnacht agus Uladh.
Beidh roinnt solas na gréine ann, áfach — go príomha sa deisceart agus san oirdheisceart. Idir 11C agus 13C a bheidh an teocht is airde agus beidh gaoth measartha an iarthair ann, a deir Met Éireann.
Beidh oíche Dé Céadaoin scamallach den chuid is mó, le roinnt báisteach éadrom ann. Beidh an teocht is ísle idir 8C agus 10C, agus beidh gaotha measartha ón iarthair ann.
Ar an Déardaoin beidh sé scamallach agus tirim le báisteach éadrom i gCúige Chonnacht agus i gCúige Uladh — ach bogfaidh sé sin ó dheas ar feadh an tráthnóna. Idir 11C agus 13C a bheidh an teocht is airde.
De réir Met Éireann beidh an teocht ag titim chomh híseal le 4C ar oíche Déardaoin.
Ar Dé hAoine beidh beidh sé geall sa deisceart, le roinnt tréimhsí gréine – áfach, beidh sé an-fhuar, agus an teocht is airde idir 5C agus 10C.
Is í oíche Dé hAoine oíche Toy Show, áfach, agus tugtar rabhadh do thuismitheoirí agus do leanaí a bheith fillte in éadaí te agus a chinntiú go bhfuil an seomra teilifíse deas te.
Oíche fhuar a bheidh ann oíche Dé hAoine, agus táthar ag súil le sioc agus oighear de réir mar a théann an oíche ar aghaidh. Beidh an teocht is ísle chomh híseal le -3C agus beidh roinnt ceo ann, a deir Met Éireann.
Ar an Satharn tosóidh an aimsir fuar agus siocach ach glanfaidh na paistí sioc agus oighir de réir a chéile. Fanfaidh sé fuar, áfach, agus an teocht is airde idir 5C agus 8C, sula bhfillfidh an sioc oíche Shathairn agus beidh sé chomh híseal le -2C agus 3C.
Dé Domhnaigh beidh sé scamallach den chuid is mó le báisteach éadrom agus teocht idir 9C agus 12C, agus tá rabhadh tugtha ag Met Éireann go bhfuil súil acu go mbeidh an aimsir níos fuaire an tseachtain seo chugainn.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.