Tá iar-chóitseálaí snámha (swimming coach) a chuir ceamara ina oifig chun ‘spiaireacht éifeachtach (effectively spy)’ a dhéanamh ar chailíní óga agus iad ag athrú éadaí, curtha i bpríosún ar feadh trí bliana mar gheall ar dhúshaothrú gnéasach (sexual exploitation) agus ábhair mhí-úsáid leanaí a tháirgeadh.
Phléadáil Matthew Coward, 32, as Shantalla Drive, Seantrabh (Santry), Baile Átha Cliath, ciontach i dtrí chúis a bhain le dúshaothrú gnéasach (sexual exploitation) ar thriúr cailíní.
Phléadáil sé freisin ciontach i dtrí chúis de tháirgeadh pornagrafaíocht leanaí ar dhátaí idir 1 Meán Fómhair, 2021, agus 26 Feabhra, 2022.
Tá ciontú amháin aige roimhe sin.
Chuala Cúirt Chuarda Choiriúil (Circuit Criminal Court) Bhaile Átha Cliath, ag éisteacht an tseachtain seo caite, gur bhris duine den triúr cailíní síos i gcarr a hathar ar an mbealach abhaile ón gcleachtadh snámha agus gur inis sí dó gur cheap sí gur taifeadadh í agus í ag athrú isteach ina feistis snámha.
Mar thoradh ar sin rinneadh imscrúdú Garda agus sa deireadh fuarthas amach físeáin ar ghléasanna leictreonacha Coward.
Rinneadh dhá cheann de na físeáin a chatagóiriú mar ábhar mí-úsáide leanaí, agus measadh go raibh seachtar eile míchuí (inappropriate).
Agus í ag cur pianbhreith ar Coward Dé Máirt, dúirt an Breitheamh Orla Crowe gur ‘mí-úsáid shuntasach iontaobhais (trust)’ a bhí sa chion i leith na leanaí seo a dúirt sí go raibh an-mheas acu ar Coward.
Thug sí faoi deara go raibh an oiread sin damáiste déanta ar chuid de na leanaí go raibh orthu bliain sa bhreis a chaithimh ar scoil.
Dúirt sí go raibh Coward ‘ag spiaireacht go héifeachtach’ ar an triúr cailíní seo, a raibh sé ag traenáil chun a gcuid ‘aislingí’ a bhaint amach maidir le bheith ina snámhóirí gairmiúla.
Dúirt sí go raibh gá le pianbhreith sé bliana maidir leis na cúisimh a bhaineann le dúshaothrú gnéasach agus cúig bliana maidir le táirgeadh ábhar mí-úsáide leanaí.
Dúirt an Breitheamh Crowe, tar éis an phléadáil chiontach a rinne Coward agus an léiriú aiféala a rinne sé a chur san áireamh go ngearrfadh sí pianbhreitheanna comhthráthacha (concurrent) ceithre agus trí bliana.
Cuireadh an 12 mhí deiridh den phianbhreith ceithre bliana ar fionraí ar théarmaí dochta lena n-áirítear go gcoimeádfadh Coward an tsíocháin agus go mbeadh sé ina dhea-iompar ar feadh dhá bhliain tar éis dó a bheith saor ón bpríosún.
Dúirt an Sáirsint Garda Shane Behan ag an éisteacht an tseachtain seo caite, go raibh an chéad duine gortaithe trína chéile ar an mbealach abhaile ón gcleachtadh snámha agus dúirt sí lena hathair gur thug Coward péire ‘craicne snámha (swimming skins)’ di le triail a bhaint as ina oifig agus dúirt sé léi go gcaithfeadh sí a bheith ‘go hiomlán nocht’ chun iad a chuir uirthi.
Thug an cailín faoi deara go raibh guthán curtha suas in oifig Coward agus bhí imní uirthi go mb’fhéidir gur thaifead sé í.
Dúirt sí lena hathair freisin gur bhain snámhóirí eile triail as ‘craicne snámha (swimming skins)’ ina oifig le roinnt seachtainí anuas.
Dúirt an Sáirsint Behan go ndearna athair an chailín glao gutháin ar Swim Ireland agus gur labhair sé le Kate Hills, a bhí i gceannas na Cosanta (Safeguarding).
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.