Maraíodh 12 duine ag ospidéal mór eile i dtuaisceart Gaza, de réir tuairiscí. Tá fórsaí Iosrael ag bogadh isteach ar an ospidéal plódaithe de chuid an Indinéis, fiú agus cainteanna ar siúl le haghaidh sos cogaidh.
Dúirt oibrí leighis amháin, Marwan Abdallah, go bhfuil na tancanna in aice le fuinneoga an ospidéil.
‘Tá eagla ar mhná agus ar pháistí. Bíonn fuaimeanna leanúnacha pléascanna agus gunnaí ann,’ a dúirt sé.
Dúirt an Aireacht Sláinte (Ministry of Health) in Gaza gur chreid siad gur maraíodh 12 duine le ionsaí sliogán (shelling) agus go bhfuil eagla orthu go dtarlódh an méid céanna a tharla in ospidéal al-Shifa, a bhí timpeallaithe ag fórsaí Iosrael an tseachtain seo caite.
Dúirt an Aireacht Sláinte go bhfuil 700 duine, lena n-áirítear foireann leighis, plódaithe isteach san ospidéal Indinéisis, an t-ospidéal deireanach ag feidhmiú i dtuaisceart Gaza.
Thaispeáin píosaí scannáin daoine créachtaithe agus pacáilte isteach le chéile, ag lorg cóireála nó sábháilteachta ón troid.
San am atá caite dúirt an arm Iosrael gur chreid siad gr raibh tollán Hamas in aice leis an ospidéal Indinéisis agus gur seoladh diúracáin isteach in Iosrael ó in aice láimhe.
Bhí iarrachtaí á ndéanamh, leis an gCrois Dhearg (Red Cross), chun tarrtháil othar a chomhordú, a dúirt an Aireacht Sláinte, cé go ndúirt siad nach bhfuair siad aon ghealltanais ó Iosrael maidir le cead a thabhairt do othair pasáiste sábháilte a fháil amach.
Níl ach 10 gcinn as 36 ospidéal Gaza fós oscailte, a dúirt an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (World Health Organisation, WHO).
Tá ospidéal na hIndinéise ag teacht faoi ‘mhórbhrú’, a dúirt stiúrthóir feidhmiúcháin an WHO, Michael Ryan.
Dúirt Aire Gnóthaí Eachtracha na hIndinéise Retno Marsudi gur ‘sárú soiléir ar dhlíthe daonnúla idirnáisiúnta’ an t-ionsaí ar an ospidéal agus d’áitigh sé ar chomhghuaillithe Iosrael glaoch air ‘stop a chur leis’.
Bunaíodh an t-ospidéal i bhfad ó thuaidh in Gaza le cabhair ó shíntiúis ó thír oirdheisceart na hÁise.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.