‘Christmas craicer’: Féach ar Kielty ag fáil comhairle ó na páistí

16/11/2023

Féach ar an bhfíseán anseo le Patrick Kielty ina shuí le grúpa páistí a insíonn dó cad atá le déanamh aige don Toy Show, atá ag teacht go luath

Le beagán os cionn seachtaine go dtí an oíche mhór, tá Patrick Kielty ag fáil réidh don Toy Show agus tá sé gnóthach ag fáil comhairle ó dhaoine óga na hÉireann.

Craolfar an seó ar Dé hAoine seo chugainn, 25 Samhain, agus beidh sé ar an gcéad cheann le  Kielty i gceannas.

Féach ar Kielty ag fáil comhairle ó na páistí ANSEO
Féach ar Kielty ag fáil comhairle ó na páistí ANSEO

Féach ar Kielty ag fáil comhairle ó na páistí ANSEO

Ghlac an fear as Co an Dúin leis an ról mar óstach ar The Late Late Show i mí Mheán Fómhair, ach b’fhéidir go ndéarfadh daoine go bhfuil an tástáil is mó a mbeidh aige go dtí seo le teacht sé sin an Toy Show.

Agus gearrthóg (film clip) á roinnt aige ag fógairt an tseó ar chainéal oifigiúil YouTube The Late Late Show, is féidir Kielty a fheiceáil ag gabháil le tábla de dhaoine óga atá ar fáil chun eolas a thabhairt dó ar an seó.

 ‘Ná déan praiseach de.’
‘Ná déan praiseach de.’

‘Cad é an Toy Show?’ a fhiafraíonn an láithreoir, agus cailín óg amháin ag míniú gurb í ‘an oíche is draíochtúla den bhliain’.

Deir duine eile: ‘Tá amhránaíocht ann; tá damhsa ann – agus imríonn tú le bréagáin.’

‘Mar sin, tá sé fíorthábhachtach?’ a deir Kielty.

Cuirtear in iúl dó ansin gur ‘jab an-mhór’ é a phost ar an Late Late Toy Show agus leaid duine óg eile ag tabhairt faoi deara gur ‘tús na Nollag’ é an seó.

I  ngearrthóg eile tna Kielty ina sheasamh ag an gclár bán ag fiafraí cén ról atá aige sa seó — agus cailín óg eile ag rá go gcaithfidh sé ‘ceisteanna a chur [agus] féachaint cad faoi atá na haíonna’.

‘Caithfidh tú a bheith cainteach, agus caithfidh tú a bheith cineálta… a bheith suimiúil,’ a deir duine eile.

Deir duine leis: ‘Tá amhránaíocht ann; tá damhsa ann – agus imríonn tú le bréagáin.'
Deir duine leis: ‘Tá amhránaíocht ann; tá damhsa ann – agus imríonn tú le bréagáin.’

‘Caithfidh mé a bheith spraíúil!’ a deir Pádraig le deimhniú óna chomhghleacaithe óga, ‘Caithfidh mé a bheith suimiúil,’ a deir sé, le deimhniú breise.

‘Caithfidh mé a bheith greannmhar!’ a deir sé, agus breis breithmheasa ó na páistí ina dhiaidh sin, agus focail spreagúil á roinnt ag duine acu, ‘Is féidir leat é seo a dhéanamh, Patrick!’

Tosaíonn Kielty agus na leanaí ag gáire, agus an láithreoir teilifíse, atá níos eolaí ar an oíche anois, ag fáil réidh le haghaidh an ghig.

Sa ghearrthóg deiridh feictear Kielty, atá 52 bliain d’aois, ar tí an seomra a fhágáil go dtí go gcuireann páiste amháin aghaidh ghéar air agus go dtugann sé rabhadh dó: ‘Ná déan praiseach de.’

Craolfar The Late Late Toy Show Dé hAoine 24 Samhain ag 9.35pm ar RTÉ One & RTÉ Player.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram