Ospidéal i nGaza anois ‘beagnach cosúil le reilig’

Deir WHO go bhfuil leanaí nuabheirthe agus othair (patients) ag fáil bháis san ospidéal toisc nach bhfuil aon bhreosla (fuel) ann agus go bhfuil trúpaí Iosrael timpeallaithe

Tá ospidéal is mó in Gaza, Al-Shifa, ‘beagnach colsúil le reilig’, a dúirt an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (World Health Organisation, WHO), le coirp ag carnadh suas (piling up) laistigh agus lasmuigh de.

Tá othair agus dochtúirí fós gafa san ospidéal atá timpeallaithe ag trúpaí Iosrael.

Deir dochtúirí ag an áis go bhfuil coirp ag lobhadh (decomposing) lasmuigh nach bhfuil siad in ann a adhlacadh (bury).

Tá sé ráite ag bainisteoir Al-Shifa go bhfuil triúr leanbh roimh am i measc 32 duine a fuair bás de bharr easpa cóireála le cúpla lá anuas, de réir an BBC.

Gaza
Gaza

De réir na Náisiún Aontaithe, ní féidir cóireáil cheart a dhéanamh ar na iliomad leanaí roimh am agus 45 othar duáin a bhfuil scagdhealú (dialysis) de dhíth orthu mar gheall ar easpa cumhachta.

Roimhe seo bhí an t-ospidéal ina bhunchloch de chóras sláinte Gaza.

‘Níl aon ghineadóirí againn mar teastaíonn breosla uathu siúd. Níl aon bhia, uisce, leictreachas ná breosla ar bith i Shifa agus táimid anseo ag déileáil le na daoine atá ag fail bás,’ a dúirt Munir al-Boursh, dochtúir atá ina rúnaí ag aireacht sláinte na Palaistíne freisin, ón taobh istigh d’ospidéal Dar al-Shifa.

‘Ní féidir linn an líon mór cásanna seo a bhainistiú. Má thagann daoine, ní féidir linn aon rud a dhéanamh ar a son.’

Tá an staid laistigh den ospidéal ag éirí níos éadóchasach, a dúirt gníomhaireachtaí cúnaimh (aid agencies).

‘Tá lámhach agus buamáil leanúnach thart,’ a dúirt Nidal Abuhadrous, ceannaire na néar-mháinliachta (neurosurgery) ag al-Shifa, i dteachtaireacht téacs a seoladh chuig an eagraíocht Medical Aid for Palestinians.

Tá troid gar don ospidéal i gCathair Gaza le cúpla lá anuas, le ganntanas breosla trom mar go bhfuil rialtas Iosrael ag diúltú soláthairtí a cheadú isteach i nGaza.

Joe Biden Mayo 768x448 1
D’iarr Uachtarán na Stát Aontaithe Biden ar Iosrael ‘gníomh níos lú ionsáite san ospidéal’ a úsáid, agus sin iad na tuairimí is suntasaí a rinne sé ar ionsaithe Iosrael go dtí seo.

Tá sé maíte ag Iosrael go bhfuil ceanncheathrú ag Hamas faoin ospidéal agus deir siad gurb é seo an fáth go bhfuil siad á ionsaí, séanann an t-ospidéal agus Hamas éilimh Iosrael.

Tháinig an t-ionsaí is déanaí ó Iosrael ar Gaza tar éis ionsaithe Hamas ar Iosrael an 7 Deireadh Fómhair, inar maraíodh 1,200 duine agus inar tógadh níos mó ná 200 gialla, de réir rialtas Iosrael.

Maraíodh beagnach deich n-uaire an líon daoine a maraíodh san ionsaí sin go dtí seo in ionsaithe Iosrael ar Gaza, le níos mó ná 11,000 duine marbh lena n-áirítear níos mó ná 4,500 páiste, de réir na nÚdarás Sláinte i nGaza.

D’iarr Uachtarán na Stát Aontaithe Biden ar Iosrael ‘gníomh níos lú ionsáite san ospidéal’ a úsáid, agus sin iad na tuairimí is suntasaí a rinne sé ar ionsaithe Iosrael go dtí seo.


Scéalta ExtraG.ie ó Luan go hAoine

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram