Cé hí Cat, bean chéile Patrick Kielty, agus cén fáth a bhfuil a seó teilifíse aici freisin?

Tá a fhios againn go bhfuil cáil ar Cat Deeley sna Stáit Aontaithe mar láithreoir teilifíse, ach seo ceithre nach raibh a fhios agat fúithi, b’fhéidir.

Agus muid ag éirí compordach le hóstach Late Late Show, Patrick Kielty, tagann a bhean chéile Cat Deeley ar ár dteilifíseáin – agus gan dabht beimid ag fiafraí cé a dhéanann an jab is fearr.

Ach ar dtús ba mhaith linn a fháil amach cé hé í.

Moladh Cat, 47, mar óstaigh ‘foirfe’ tar éis di tús a chur leis This Morning Dé Luain le Rylan Clark.

Bhain sí clú amach sna 1990idí agus bhí sí le feiceáil ar roinnt seónna teilifíse móra sna Stáit Aontaithe.

Cat deeley2
Phós sí sa Róimh in 2012

Tá beirt mhac aici le Patrick, a phós sí sa Róimh in 2012, agus is minic a chaitheann siad am in Éirinn.

Go deimhin, shiúil siad an cairpéad dearg do na IFTAs ag tús mhí na Bealtaine.

Mar sin, cé mhéad atá ar eolas agat faoi Cat? Seo roinnt fíricí spraíúla fúithi nach raibh ar eolas agat b’fhéidir!

Ghearr Cat a hainm le bheith difriúil

Catherine Elizabeth an t-ainm iomlán atá ar Cat ach nuair a chláraigh sí leis an ngníomhaireacht mhúnlaithe (model agency) Storm thosaigh sí ag dul faoin leasainm Cat. Bhí roinnt ‘Catherine’ eile ag an ngníomhaireacht cheana féin ar aon nós agus mar sin chabhraigh sé léi a bheith difriúil.

D’oibrigh sí mar mainicín go dtí deireadh na 1990idí nuair a d’iompaigh chuig job ar teilifís. I measc cuid de na poist tosaigh a bhí ag Cat bhí sí le Edith Bowman ag cuir Hitlist UK i láthair, bhí sí ar SMTV beo i 1998 le Ant & Dec agus bhí sí ag cuir Fame Academy i láthair, áit ar bhuail sí lena fear céile, Patrick.

Cat agus Patrick
Cat agus Patrick

Tá branda áilleachta (beauty brand) aici

Is bean gnó í Cat freisin agus reáchtálann sí branda áilleachta E11even Fragrance lena cara fadtréimhseach Amanda Grossman.

Tá an bheirt ina gcairde le breis is fiche bliain agus bhí siad i mBaile Átha Cliath chun a gcéad ola a sheoladh i mí an Mhárta.

Le Amanda sa Bhreatain agus Cat sna Stáit Aontaithe, in éineacht le Patrick agus a gcuid mac, shocraigh siad, le linn an dhianghlasála go seolfaidís an ola a bhí á cruthú agus á caitheamh ag Amanda le 20 bliain anuas.

Cheannaigh Cat a gúna bainise roimh casadh le Pádraig

Agus í ag obair le haghaidh Lorraine Kelly ar a seó de chuid ITV in 2021, thug Cat le fios go raibh sí eagraithe cheana féin maidir le lá a pósta agus go raibh an gúna curtha in eagar roimh an ‘groom’.

Mhínigh sí: ‘Gúna couture ó Alexander McQueen a bhí ann. Bhí sé chomh álainn sin nach raibh mé in ann gan é a cheannach.

‘Ní raibh aithne agam ar Paddy fiú ag an tráth sin. Chuir mé isteach i mo chófra é.’

Ar This Morning le Rylan Clark
Ar This Morning le Rylan Clark

Ní raibh Patrick agus Cat in ann aontú ar ainm dá gcéad leanbh

Rinne Cat magadh go raibh sí cinnte go mbeadh Patrick ag lorg ‘páipéir colscartha (divorce papers)’ agus iad ag iarraidh ainm a roghnú dá mbuachaill beag, ag rá ‘ní raibh muid ag caint lena chéile – bhí sé uafásach.’ Dúirt sí le Jimmy Kimmell: ‘D’fhágamar an t-ospidéal gan ainm – tugadh “Baby Deeley” ar an leanbh, rud a chuir mo fhear céile as a mheabhair.’

Cé gur thaitin ‘ainmneacha simplí’ cosúil le James le Cat – a d’úsáid siad don dara leanbh sa deireadh – b’fhearr le Patrick ainmneacha a bhí ‘beagán níos difriúil’ agus bhí ar a máthair dul i ngleic leo chun ainm a phiocadh. Milo a bhí ann.


Scéalta ExtraG.ie ó Luan go hAoine

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

Comhroinn Anois

You might also like ...

Lean ExtraG.ie

Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram