Tá an Rialtas ag teacht faoi bhrú beart níos láidre a dhéanamh mar gheall ar ionsaithe Iosrael ar shibhialtaigh agus ospidéil i nGaza.
Tiocfaidh siad faoi bhrú sa Dáil, i rith na seachtaine, an t-ambasadóir Iosrael a dhíbirt (expel) agus Iosrael a chur faoi bhráid na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta (International Criminal Court, ICC).
Tá sé tugtha le fios ag an Tánaiste Micheál Martin áfach nach mbeidh siad ag déanamh sin.
Cé nach bhfuil seasamh daingean glactha ag an Rialtas fós, dúirt an tUasal Martin go bhfuil sé deimhnithe ag Ionchúisitheoir (prosecutors) reatha an ICC, Karim Khan, go bhfuil imscrúdú gníomhach ar siúl cheana féin maidir leis an staid sa Phalaistín.
Tá iarrtha ag ceannaire Shinn Féin Mary Lou McDonald ar an Rialtas Iosrael a chur faoi bhráid an ICC, agus cuirfidh a páirtí tairiscint síos sa Dáil níos déanaí an tseachtain seo.
Dúirt sí lena páirtí Ard Fheis ag an deireadh seachtaine gurb ionann buamáil leanúnach Iosrael ar Gaza agus coireanna cogaidh.
Dúirt urlabhraí gnóthaí eachtracha na nDaonlathaithe Sóisialacha Gary Gannon freisin go mbeidh siad ag cuir brú ar an Rialtas seasamh níos déine a ghlacadh i gcoinne maruithe Iosrael.
Chomh maith leis sin mháirseáil na mílte agóide i lár chathair Bhaile Átha Cliath Dé Sathairn ag lorg sos cogaidh in Gaza agus baghcatanna (boycotts) in aghaidh earraí Iosraelacha.
Mháirseáil siad ón Túr Solais (Spire) ar Shráid Uí Chonaill i mBaile Átha Cliath go dtí an Roinn Gnóthaí Eachtracha ar Fhaiche Stiabhna (Department of Foreign Affairs on St Stephen’s Green).
Bhí cantaireacht (chants) ann ag éileamh sos cogaidh anois agus go ndéanfaí Ambasadóir Iosrael a dhíbirt (expulsion).
Thug an Dr Abdullah Al Bayvari, dochtúir Palaistíneach-Éireannach, óráid ann, thar ceann Choiste Dlúthpháirtíochta na hÉireann sa Phalaistín (Ireland Palestine Solidarity Committee), de réir Nuacht RTÉ.
D’iarr sé ar Rialtas na hÉireann beart a dhéanamh láithreach in aghaidh Iosrael ag rá ‘tá an t-am le gníomhú anois, seo an tráth cinniúnach’.
D’iarr sé freisin baghcat agus smachtbhannaí (boycott and sanctions) in aghaidh Iosrael agus thug sé cuireadh dóibh siúd a bhí ann, freastal ar léirsiú náisiúnta i mBaile Átha Cliath an tseachtain seo chugainn.
Thug urlabhraí gnóthaí eachtracha na nDaonlathaithe Sóisialacha Gary Gannon cuntas ar a thairiscint a bheidh á phlé sa Dáil an tseachtain seo chugainn.
Áiríonn sé glao go ndéanfaí Ambasadóir Iosrael a dhíbirt agus go gcuirfí deireadh le comhaontuithe comhlachais AE-Iosrael.
Maidir leis an ambasadóir, dúirt sé: ‘Ní féidir leat suí sa Phoblacht seo agus cinedhíothú (genocide) a chosaint.’
Bhí an mháirseáil i mBaile Átha Cliath ar cheann de go leor agóidí ar fud na tíre agus go hidirnáisiúnta ag an deireadh seachtaine.
D’fhreastail timpeall 1,500 duine ar an mórshiúl i gcathair Chorcaí chun tacú leis an bPalaistín.
Ba é feachtas Dlúthpháirtíochta Phalaistín Chorcaí (Cork Palestine Solidarity) a d’eagraigh é.
Níos luaithe, ag slógadh ar an bParáid Mhór (Grand Parade), bhí glaonna ar shos cogadh in Gaza, go ndéanfaí Ambasadóir Iosrael a dhíbirt, agus go ndéanfaí baghcat ar earraí Iosraelacha.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.