Tá sé ráite ag Ambasadóir Iosrael go hÉirinn nach bhfuil Éire neodrach sa choimhlint idir Iosrael agus Hamas ina bhfuair na mílte duine neamhchiontach bás.
Rinne Dana Erlich iarracht freisin cáineadh Iosrael faoi ionsaithe aeir i gceantair shibhialtacha in Gaza a nascadh mar ‘frith-Sheimíteachas (anti-Semitism)’.
Dúirt sí gurb é an t-ionsaí a rinne Hamas ar Iosrael ar an 7 Deireadh Fómhair, inar maraíodh 1,400 duine, sibhialtaigh den chuid is mó, agus inar gabhadh níos mó ná 200 duine i ngiall, mar ‘an t-ionsaí is uafáis ar Ghiúdaigh ón Uileloscadh (Holocaust).’
Maraíodh níos mó ná 10,300 duine de bharr ionsaithe Iosrael ar Gaza, breis agus 4,100 páiste ina measc.
Tá sé ráite ag an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (World Health Organisation, WHO) ar Dé Céadaoin go bhfuil 160 leanbh ar an meán á marú gach lá in Gaza anois, de réir tuairisc ón BBC.
Roinn an tAmbasadóir Erlich a tuairimí tar éis scannán d’ionsaí Hamas ar Iosrael a thaispeáint do thuairisceoirí ag ambasáid Iosrael i mBaile Átha Cliath.
Dúirt sí go raibh an scannán, lena n-áirítear ionsaí ar fhéile ceoil kibbutz agus Re’im mí ó shin, ‘tábhachtach go stairiúil’. Dúirt sí gur theastaigh uaithi go bhfeicfeadh polaiteoirí é.
‘Léiríonn an t-ionsaí uafáis seo nach bhfuil aon teorainneacha ag an sceimhle (terror),’ a dúirt sí.
Tá ionsaí Hamas ar shibhialtaigh in Iosrael cáinte go láidir ag an Taoiseach Leo Varadkar agus an Tánaiste Micheál Martin.
Tá cáineadh déanta ag an mbeirt freisin ar na hionsaithe atá ar bun ag Iosrael ar shibhialtaigh in Gaza.
Dúirt an Taoiseach Leo Varadkar cheana féin nach féinchosaint amháin atá i gceist i ngníomhartha Iosrael i nGaza agus go raibh siad cosúil le ‘ag druidim le díoltas (revenge)’.
Dúirt an tUasal Martin go bhféadfadh coireanna cogaidh (war crimes) a bheith déanta.
‘Níl sa chogadh seo ach bás agus ainnise (misery) agus caithfidh sé stopadh, agus ba cheart stop a chur leis,’ a dúirt sé.
‘Is cinnte go bhféadfaimis a bheith ag féachaint ar choireanna cogaidh ag teacht chun cinn. Tá dlínse (jurisdiction) ag an gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta, de réir a hionchúisitheoirí, sa Mheánoirthear agus creidim gur cheart go mbeadh cuntasacht iomlán ann as a bhfuil ag tarlú anseo,’ a dúirt sé.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.