D’fhéadfadh sioc (frost) agus leac oighir (ice) a bheith ag teacht, leis an teocht ag éirí níos fuaire agus táthar ag súil go dtitfidh sé faoin reophointe.
Cé go mbeidh meascán de tréimhsí gréine, agus ceathanna fuara báistí ann ar Déardaoin agus Dé hAoine, éireoidh an aimsir níos fuaire ag an deireadh seachtaine, a deir Met Éireann.
Titfidh an teocht chomh híseal le -1C i gceantair áirithe, go háirithe le linn na hoíche.
Oíche Chéadaoin beidh tréimhsí soiléire agus ceathanna scaipthe, agus an aimsir is tirime san oirthear.
Beidh an teocht is ísle idir 3C agus 5C agus beidh gaoth measartha siar ó dheas, go háirithe ar cóstaí an iarthair agus an deiscirt.
Ar an Déardaoin, beidh sé ina lá gréine le ceathanna, agus táthar ag súil le tréimhsí báistí níos faide uaireanta.
Beidh roinnt ceathanna troma, agus beidh clocha sneachta agus toirneach freisin. Beidh an teocht is airde idir 7C agus 10C. Beidh gaotha measartha siar ó dheas.
Táthar ag súil le níos mó ceathanna thar oíche, agus mairfidh siad níos faide agus beidh siad trom uaireanta. Beidh an teocht is ísle idir 3C agus 7C.
Ar an Aoine táthar ag súil go n-éireoidh sé i bhfad níos fuaire, agus é ag tosú fuar le tréimhsí gréine agus ceathanna scaipthe ar fud an leath thuaidh den tír. Ní bheidh an teocht ach chomh hard idir 8C agus 12C, le gaoth measartha siar ó thuaidh.
Beidh oíche Dé hAoine fuar – le sioc agus leac oighir indéanta agus an teocht chomh híseal agus idir -1C agus 2C. Beidh ceathanna i gcodanna den tuaisceart ar feadh tamaill, sula n-éireoidh sé tirim den chuid is mó níos déanaí san oíche, agus beidh ceo le gaoth éadrom.
Fanfaidh sé tirim an chuid is mó den Satharn le tréimhsí gréine ceathanna. Beidh sé níos scamallach sa deisceart agus san iardheisceart tríd an iarnóin agus beidh báisteach ag teacht chun cinn i gCúige Mumhan um thráthnóna.
Fanfaidh sé fuar, áfach, agus ní bheidh na teochtaí ach chomh hard le idir 7C agus 10C.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.