Bhí Páirc an Chrócaigh mar ionad cóisire do na himreoirí camógaíochta is fearr sa tír chun na Gradaim All-Star Camógaíochta PwC a cheiliúradh tar éis séasúr dochreidte eile.
Bhí na mná as Corcaigh ag déanamh an chuid is mó den cheiliúradh tar éis dóibh cluiche ceannais na hÉireann a bhuachan don 29ú uair.
Agus bhí go leor cainte ar an oíche faoin gcluiche in aghaidh Phort Láirge i gcluiche ceannais Sinsear Glen Dimplex ar an 6 Lúnasa.
Mar sin féin, cuireadh dílseachtaí uile an chontae ar leataobh mar gheall ar níos mó ná 420 duine a bheith bailithe le chéile chun ceiliúradh a dhéanamh ar na himreoirí ar fad a thug an oiread sin chuimhneacháin d’aicsean imeartha dúinn le linn an chomórtais.
Ba í Marie Crowe ó RTÉ a bhí mar óstach.
In éineacht léi ar an stáitse bhí Hilda Breslin, Uachtarán an Chumainn Camógaíochta, agus mhol sí na foirne agus na himreoirí as a dtiomantas don chluiche, sular bhronn sí na gradaim ar All-Stars na bliana seo.
San iomlán, bhí ochtar imreoirí ó fhoireann Chorcaí san All-Star 15, chomh maith le triúr imreoirí ó fhoireann Phort Láirge, beirt ó Thiobraid Árann, agus imreoir amháin as Gaillimh agus Cill Chainnigh.
Na All-Stars Camógaíochta 2023:
Amy Lee (Corcaigh)
Vikki Falconer (Port Láirge)
Libby Coppinger (Corcaigh)
Róisín Black (Gaillimh)
Karen Kennedy (Tiobraid Árann)
Laura Treacy (Corcaigh)
Meabh Cahalane (Corcaigh)
Saoirse McCarthy (Corcaigh)
Lorraine Bray (Port Láirge)
Hannah Looney (Corcaigh)
Beth Carton (Port Láirge)
Denise Gaule (Cill Chainnigh)
Amy O’Connor (Corcaigh)
Katrina Mackey (Corcaigh)
Cáit Devane (Tiobraid Árann)
I rith na hoíche bhí gradaim chomh maith d’imreoirí na bliana ó na foirne sinsear, idirmheánach agus sóisear, le Beth Carton as Port Láirge, Aine McAllister as Doire, agus Ellen Casey as an gClár na buaiteoirí sin.
Bhí deora ar Beth Carton, nuair a chuaigh sí chun a gradam a bhailiú, agus í ag gabháil buíochais lena comhghleacaithe as taithí an tséasúir seo caite.
Thug na gradaim aitheantas freisin do ‘Soaring Stars’ na bliana seo. Is iad sin d’imreoirí na todhchaí, le buaiteoirí as Doire, an Mhí, An Clár agus Tiobraid Árann.
Na ‘Soaring Stars’ Camógaíochta 2023
Niamh Quinn (Doire)
Claire Coffey (An Mhí)
Sophia Payne (An Mhí)
Lauren McKenna (Doire)
Aoife Ní Chaiside (Doire)
Ellen Casey (An Clár)
Dervla O’Kane (Doire)
Aoife Minogue (An Mhí)
Mairéad McNicholl (Doire)
Áine McAllister (Doire)
Amy Gaffney (An Mhí)
Aoife Shaw (Doire)
Caoimhe Cahill (An Clár)
Jean Kelly (Tiobraid Árann)
Bhuaigh bainisteoir Chorcaí Matthew Twomey an gradam do Bhainisteoir na Bliana.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.