Dá ligfidís do mhná a bheith ina sagairt bheadh sé ‘go hiomlán’ ina réiteach ar an laghdú atá ag teacht ar líon na gcléir, dar le sagart paróiste amháin.
Dúirt an tAthair Paddy Byrne, sagart paróiste do thrí pharóiste i gCo. Laoise: ‘Sílim gur theip orainn ó thaobh ár n-ullmhúcháin don lá seo.’
Labhair sé amach tar éis d’Easpag na Cille Móire (Kilmore), Martin Hayes, a rá go raibh féidearthacht ann líon na n-Aifreann ina dheoise a laghdú mar gheall ar ghanntanas sagairt agus líon an phobail ag titim.
Tá sé ráite ag roinnt sagairt go bhféadfadh ministir tuata (lay ministers) a bheith ag stiúradh sochraidí agus póstaí sna blianta amach romhainn.
Dúirt an tAthair Diarmuid Hogan, sagart paróiste Órán Mór i gCo. na Gaillimhe, go bhfuil féidearthacht anois ann eaglaisí in aice a chéile a chomhcheangal ‘chun pobal bríomhar agus substaintiúil a chruthú’.
Dúirt sé: ‘B’fhéidir nach dtarlóidh Aifreann gach deireadh seachtaine i ngach séipéal ach tarlóidh sé gach deireadh seachtaine i ngach paróiste.’
Ag labhairt dó ar RTÉ Raidió 1, dúirt an tAthair Byrne: ‘Sílim go bhfuil sé brónach nár iarr easpaig na hÉireann riamh, nuair a chonaic siad é seo ag teacht, ar ordú na mban.’
Dúirt sé: ‘Sílim go mothaíonn go leor ban an-eisiata (excluded) ón ministreacht maidir le gnó na ceannaireachta san Eaglais agus sílim nach é sin mo thuairim féin, sin an dearcadh a bhí curtha in iúl go poiblí ag muintir na hÉireann.’
Dúirt an tAthair Byrne go dtaitneodh ‘teachtaireacht’ na hEaglaise le mná óga dá dtabharfaí deis dóibh níos mó post ceannaireachta a ghlacadh.
‘Sílim go bhfuil gá leis an athrú,’ a dúirt sé.
‘I dtéarmaí rudaí a dhéanamh ar bhealach difriúil, in ainneoin na mblianta ag machnamh agus ag déanamh iontais agus ag magadh, gan rud ar bith a dhéanamh, tá tráth curtha isteach againn anois ina mbeadh an chuid is mó dár chléir ar scor go maith in aon réim eile den saol,’ a dúirt sé.
‘Is cosúil go bhfuil rud ar bith atá á dhéanamh againn mí-tharraingteach d’fhir óga.’
Dúirt an tEaspag Hayes faoin nganntanas sagart: ‘Ciallaíonn an réaltacht seo, faraor, nach féidir linn leanúint ar aghaidh leis an líon Aifreann deireadh seachtaine atá inár bparóistí faoi láthair.
‘Ciallaíonn se seo nach ndéanfar Aifreann a cheiliúradh i ngach séipéal gach deireadh seachtaine.’
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.