Tá Molly Martens agus a hathair Tom tar éis glacadh le pléadáil maidir le dúnorgain deonach (voluntary manslaughter) as an Éireannach Jason Corbett a mharú.
Tá comhaontú déanta acu chun dúnorgain deonacha (manslaughter voluntary) a phléadáil as Jason, athair beirt leanaí, a mharú.
Táthar ag súil go mairfidh an éisteacht phianbhreith (sentencing hearing) a thosaigh ar Dé Luain i Lexington, i South Carolina,
roinnt laethanta.
Mar chúiteamh ar a bpléadáil, tá an stát tar éis na cúisimh dúnmharaithe i gcoinne na beirte a ísliú.
Bhí Jason Corbett 39 bliain d’aois nuair a bhuail a bhean céile agus a athair é agus maraíodh é.
Bhí Jason Corbett ina bhainisteoir gnó as Luimneach.
Fuarthas é ag fail bás i bpríomhsheomra leapa theach an teaghlaigh a roinn sé le Molly agus leis an mbeirt leanaí a bhí aige ó phósadh roimhe sin.
Cuireadh a bhean chéile, a bhfuil a ainm iomlán Molly Martens Corbett, agus a athair, iar-ghníomhaire an FBI Tom Martens, ar a thriail agus ciontaíodh iad.
Cuireadh pianbhreith 20 agus 25 bliain orthu, níor shéan siad riamh as Jason a mharú, ach d’áitigh siad gur ghníomhaigh siad féinchosaint.
In 2020 chuir cúirt achomhairc na ciontuithe ar neamhní agus d’ordaigh atriail, ag rá gur cheart roinnt fianaise a bheith curtha faoi bhráid an ghiúiré.
Thacaigh Cúirt Uachtarach Sout Carolina leis an gcinneadh sin in 2021.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.