Cén bealach is fearr chun Oíche Shamhna a cheiliúradh ná le scéal scanrúil. Agus téann cairde Gínie agus Féilim chun Bob nó Bia a dhéanamh i Loch Garman, i gclos-scéal (audio story) Iníon Phuimcín (The Pumpkin’s Daughter) do RTÉjr Radio.
Mar is gnách, ní mar a shíltear a bhítear agus bualann siad le haoi speisialta ar an mbealach – Iníon Phuimcín.
Is é Iníon Phuimcín an tríú los-scéal sa sraith de cheithre scéal codlata ‘léigh le chéile’ agus craolfar é ar Oíche Shamhna (31 Deireadh Fómhair) ar Raidió RTÉjr ag 11.30rn agus 4.30in.
Beidh an podchraoladh ar fáil ansin ar Phodchraoladh RTÉjr ANSEO
Is í Tigerlily Keoghan an píobaire uilleann ar an taifead seo agus léiríonn Ciara Murphy Gínie arís.
Soláthraíonn Jonathan Weatherill-Hunt dearadh fuaime, innealtóireacht agus eagarthóireacht.
I measc na comhoibrithe tionscadail eile tá sainchomhairleoir theanga Peig Busher O’Sullivan agus dearthóir grafaicí Sinéad Duffin.
Tá an tsraith scríofa, stiúrtha agus léirithe ag Alison Ní Mháirtín.
Dúirt sí: ‘Is oíche speisialta í Oíche Shamhna, lán le spraoi agus sceitimíní. Rinneamar iarracht é sin a thaispeáint trí na fuaimeanna sa scéal seo.’
Bíonn ábhar breise le híoslódáil ó shuíomh gréasáin RTÉjr Radio le gach scéal sa sraith ANSEO.
An rud atá i gceist ná an téacs i nGaeilge agus Béarla ionas gur féidir le tuismitheoirí agus caomhnóirí a bhfuil an Ghaeilge nua acu léamh in éineacht lena bpáistí (0-8 mbliana d’aois).
Scaip an scéal le #scéalamcodlata
Beidh ceardlann á dhéanamh ag Alison i Leabharlann Loch Garman ar 3 Samhain agus is féidir clárú leis sin ANSEO.
Tá an tsraith cruthaithe le tacaíocht ón gComhairle Ealaíon, an tÁras Náisiúnta Ceoldrámaíochta agus Heather Rose (Super Paua).
Le haghaidh tuilleadh eolais, seol r-phost chuig alisonnimhairtin@gmail.com.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.