Tá scéim nua iasachtaí de €75,000 ag teacht i bhfeidhm d’úinéirí tí tar éis moill fhada.
Ligfidh an Low Cost Energy Upgrade Loan Scheme d’úinéirí tí idir €5,000 agus €75,000 a fháil ar iasacht ón Rialtas ar rátaí ísle úis le haghaidh uasghrádú fuinnimh ar a dtithe.
Tar éis roinnt míonna moillithe, tá an scéim á tabhairt ar aghaidh chun áthais don Aire Comhshaoil Eamon Ryan.
Arna thógáil ag an Aire Ryan le cabhair ón mBanc Eorpach Infheistíochta (European Investment Bank), is fiú €500 milliún an scéim.
Agus an tAire Ryan meáite ar iarratais ar an iasacht a oscailt roimh dheireadh na bliana, tá súil aige an scéim a shíniú le hoifigigh Eorpacha.
Iad siúd a fhaigheann an iasacht, caithfidh siad é a úsáid chun uasghráduithe fuinnimh a dhéanamh ar a dteach, mar phainéil ghréine, agus ní féidir leo é a úsáid chun aon chríche eile.
Beidh cead acu siúd atá ar dheontais cheana féin cur isteach ar an scéim freisin.
In ainneoin go rabhthas ag súil go seolfar é anuraidh, bhí moill mhór curtha ar an scéim mar gheall ar cheisteanna leis an mBanc Eorpach Infheistíochta.
Idir an dá linn, tá sé ráite ag an Uasal Ryan nach gcuirfeadh an Comhaontas Glas as an áireamh a bheith mar chuid de chomhrialtas faoi cheannas Shinn Féin amach anseo, ach dúirt sé go bhféadfadh sé a bheith dúshlánach clár rialtais a chaibidliú.
Nuair a fiafraíodh de ag coinbhinsiún bliantúil an Chomhaontais Ghlais i gCorcaigh Dé Sathairn an ndéanfadh a pháirtí machnamh ar chomhrialtas le Sinn Féin, d’fhreagair an tUasal Ryan: ‘Sílim gur cheart dúinn dul isteach I rialtas mar ceapaim nach am é seo chun suí ar an mbinse.
‘Tá sé in am gníomh a dhéanamh an deich mbliana seo, tá sé thar a bheith tábhachtach go stairiúil go ndéanfaimid an t-athrú an deich mbliana seo. Mar sin, sea, sílim gur cheart dúinn a bheith toilteanach oibriú le gach páirtí.’
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.