Ambasadóir Iosrael mícheart, a deir an Tánaiste

Ach deir an Taoiseach nár dhíbir an Rialtas ambasadóir na Rúise agus nach ndéanfaidh siad ambasadóir Iosrael a dhíbirt

Tá líomhaintí ó ambasadóir Iosrael go bhfuil soláthairtí cúnaimh (aid supplies) á stoc-charnadh (stockpiling) ag Hamas diúltaithe ag an Tánaiste Micheál Martin.

Dúirt Martin nach bhfuil ‘aon dabht’ aige ón bplé a rinne sé ar leibhéal na Náisiún Aontaithe agus ar leibhéal an Aontais Eorpaigh go bhfuil géarchéim dhaonnúil (humanitarian crisis) ag titim amach in Gaza.

‘Tá an fhianaise ar fad dothuigthe,’ a dúirt sé ag Cruinniú Mullaigh (summit meeting) Global Ireland i gCaisleán Bhaile Átha Cliath Dé Máirt.

‘Tá tubaiste dhaonna os ár gcomhair in Gaza. Mura dtagann dóthain cúnaimh isteach agus mura gcuirtear ar chumas daoine rochtain (access) a fháil ar uisce.

Micheál Martin
Micheál Martin

‘Dhéanfainn pléadáil ar Iosrael agus ar gach duine lena mbaineann an cúnamh sin é a cheadú mar go bhfuil gnáthdhaoine ag fulaingt go míchuí, agus níl sé inghlactha ag an bpointe seo.’

Dúirt Martin go ndúirt sé lena chontrapháirtí (counterpart) Iosraelach Dé Luain ‘go bhfuil gá le luasghéarú cúnaimh ag dul isteach’.

Dúirt sé go raibh 100 trucail in aghaidh an lae ag dul isteach i nGaza roimh an gcogadh.

Dúirt sé go raibh Éire ag obair le húdaráis Iosraelacha agus na hÉigipte chun saoránaigh Éireannacha a fháil amach as Gaza ach dúirt sé nach raibh aon amlíne faoi seo.

Níos luaithe, thug an Taoiseach Leo Varadkar le fios nach bhfuil aon phlean ag an Rialtas ambasadóir Iosrael a dhíbirt.

Cháin an tAmbasadóir Dana Erlich an tUachtarán Micheál D Ó hUiginn sa Sunday Independent ag an deireadh seachtaine.

Dúirt sí go raibh sé micheart maidir le cibé ar sháraigh Iosrael an dlí idirnáisiúnta.

Dúirt sí freisin nach tír neodrach í Éire maidir le hIosrael-Phalaistín.

Ambasadóir Dana Erlich
Ambasadóir Dana Erlich

‘Maidir leis an ambasadóir, níl aon phlean againn aon ambasadóir a dhíbirt,’ a dúirt an tUasal Varadkar leis an Dáil.

‘Níor dhíbir muid ambasadóir na Rúise, agus ní dóigh liom go bhfuil éinne sa teach seo a thacaigh chomh mór céanna liom féin le cath na hÚcráine ar son na saoirse, ach bhí dearcadh an-sonrach againn go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh líne cumarsáide oscailte agus sin an fáth a bhfuil ambasadóirí againn.’


Scéalta ExtraG.ie ó Luan go hAoine

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram