Iarrann oifigigh an Aontais Eorpaigh agus na Náisiún Aontaithe sos cogaidh chun cúnamh a ligean isteach do mhuintir Gaza
Dhiúltaigh na Stáit Aontaithe glaonna ar shos cogaidh i nGaza ó oifigigh na Náisiún Aontaithe agus an Aontais Eorpaigh.
Tá sé tuairiscithe ag na Náisiúin Aontaithe go bhfuil roinnt Palaistíneach a theith óna dtithe i dtuaisceart Gaza tar éis filleadh mar gheall ar easpa bia agus dídine ó dheas.
Bhuamáil arm Iosrael campa teifeach i dtuaisceart Gaza go déanach Dé Luain.
Mhaígh siad gur ionsaí a bhí ann ar Hamas. Thuairiscigh meáin na Palaistíne gur maraíodh cúigear san ionsaí.
Tá sé ráite ag údarás sláinte Gaza, gur maraíodh ar a laghad 5,087 duine i buamáil coicíse Iosrael – mná agus leanaí go leor acu.
Dúirt urlabhraí slándála náisiúnta an Teach Bán John Kirby le CNN go bhfuil ‘obair le déanamh fós ag Iosrael chun dul i ndiaidh cheannaireacht Hamas’, ag athuair tuairimí ón Uachtarán Joe Biden.
Dúirt siad nach bhféadfaí sos cogaidh a phlé ach amháin dá scaoilfeadh Hamas a ghiall go léir i nGaza.
Inné shaor Hamas beirt bhan Iosraelach i measc na mbreis is 200 giall a tógadh le linn a ionsaí ar an 7 Deireadh Fómhair. Ba iad an tríú agus an ceathrú gialla a scaoileadh saor.
Deimhníonn Iosrael go bhfuil beirt bhan scothaosta, Nurit Cooper agus Yocheved Lifshitz, scaoilte ag Hamas ach go bhfuil a bhfear céile fós á gcoinneáil.
Bhí an ráiteas ón Teach Bán ag teacht salach ar thuairimí ó oifigigh de chuid na NA agus an AE a d’éiligh sos daonnúil sa troid ionas go bhféadfaí cúnamh a sheachadadh chuig Gaza.
Dúirt míleata Iosrael go bhfuil siad ag ullmhú le haghaidh ‘ionsaithe gan staonadh’ ar Gaza, ach thug iar-Uachtarán na Stát Aontaithe Barack Obama rabhadh faoi ‘straitéis mhíleata Iosraelach a dhéanann neamhaird ar chostais dhaonna’.
‘Cheana féin, maraíodh na mílte Palaistíneach i mbuamáil Gaza, go leor acu ina leanaí. Cuireadh iachall ar na céadta míle óna dtithe,’ a dúirt an tUasal Obama.
Iarrachtaí sos cogaidh sa Gaza
Bhuamáil Iosrael na céadta targaid ón aer i nGaza ar an Luan agus iad ag troid le saighdiúirí Hamas le linn ruathair ar Gaza.
Dúirt stiúrthóir gníomhaireacht na NA do dhídeanaithe Palaistíneacha (UNRWA) in Gaza, Thomas White, leis an BBC ar Dé Luain gur chuir ganntanas foscadh, bia agus uisce óil sa deisceart iachall ar roinnt cónaitheoirí filleadh ar a dtithe sa tuaisceart.
Scéalta ExtraG.ie ó Luan go hAoine
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.