Scóráil captaen Phoblacht na hÉireann Katie McCabe dhá chúl d’Arsenal chun bua cúng 2-1 a bhaint amach dóibh ar Bristol City.
Fuair McCabe – a ainmníodh mar imreoir an chluiche – cúl sa dá leath den chluiche.
Scóráil sí an chéad chúl tar éis seacht nóiméad le iarracht iontach ón bhfoireann, agus rinne bean Thamhlachta é lena cos chlé cumhachtach.
Agus ansin, tar éis do Rachel Furness ó Briston City, a imríonn do Thuaisceart Éireann freisin, cúl a scóráil sa 16ú nóiméad, fuair McCabe cúl amháin eile díreach roimh 60 noiméad, chun bua a bhí ag teastáil go géar a thabhairt do Arsenal.
Ina dhiaidh sin tá Arsenal ar chomhchéim le Leicester City agus Liverpool anois.
Ag labhairt di le Sky Sports tar éis an chluiche, labhair McCabe faoin tábhacht a bhaineann le gortuithe fadtéarmacha, Vivianne Miedema – a tháinig ar ais chun páirce oíche Dé Domhnaigh – agus Beth Mead.
‘Is nóiméad an-speisialta é do Viv, tá sí ag obair chomh crua le cúpla mí anuas,’ a dúirt sí.
‘Sí féin agus Beth, tá sé chomh speisialta don fhoireann iad a bheith ar ais taobh istigh de sheachtain óna chéile.
‘Is imreoir speisialta, speisialta í Viv, na cúil atá scóráilte aici d’Arsenal in imeacht na mblianta, ní féidir liom fanacht go mbeidh sí ar ais san fhoireann.’
Ba bhliain iontach í do McCabe, le captaen na hÉireann ag scóráil an chéad chúl d’Éirinn i gcluiche ceannais Chorn an Domhain agus ar deireadh ainmnithe do Ballon d’Or na mBan.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.