Tá leithscéal gafa ag Emily Blunt tar éis sean agallaimh a rinne sí, inar thagair sí do fhreastalaí (waitress) mar duine ‘ollmhór’, a cuireadh ar na meáin shóisialta arís.
Léirigh an t-aisteoir Briotanach na tuairimí in agallamh ar The Jonathan Ross Show in 2012 agus í ag cur chun cinn an scannáin Looper a scannánaíodh i Louisiana.
Nuair a thosaigh sí ag insint scéala faoi dhul le haghaidh béile sa bialann Meiriceánach Chili’s, chuir óstach an seó cainte Ross isteach: ‘Má théann tú chuig Chili’s is féidir leat a fheiceáil cén fáth a bhfuil an oiread sin dár gcairde Meiriceánacha ollmhór.’
‘Bhuel, bhí an cailín a bhí ag freastal orm ollmhór,’ d’fhreagair Blunt. ‘Sílim go bhfuair sí béilí saor in aisce ag Chili’s.’
Tar éis don ghearrthóg (clip) a dul suas ar na meáin shóisialta arís, dúirt an t-aisteoir, atá 40 bliain d’aois, go raibh ‘náire’ uirthi faoina cuid cainte.
Dúirt sé go raibh sé neamh-mhothálach (insensitive).
I ráiteas don fhoilseachán sna Stáit Aontaithe, People, dúirt Blunt: ‘Ní gá dom ach aghaidh a thabhairt ar an bpointe seo mar bhí mo ghialla (jaw) ar an urlár ag breathnú ar an ngearrthóg (clip) seo ó 12 bhliain ó shin.
‘Tá uafás orm go ndéarfainn rud éigin chomh neamh-mhothálach (insensitive), chomh gortach sin agus nach raibh baint aige le pé scéal a bhí mé ag iarraidh a insint ar sheó cainte.
‘Mheas mé orm féin i gcónaí mar dhuine nach mbeadh ag cur isteach ar aon duine agus mar sin ní féidir liom mé féin nó aon rud a bhfuil mé ag seasamh dó a aithint ag rá rud mar sin.
‘Ach fós tharla sé, agus dúirt mé é agus tá brón orm as aon ghortú a tharla. Bhí mé sean go leor chun a fhios níos fearr a bheith agam.’
Tá clú ar Blunt as róil in The Devil Wears Prada, Edge of Tomorrow, A Quiet Place agus le déanaí, eipiciúil stairiúil Christopher Nolan Oppenheimer.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.