Seo liosta na n-íocaíochtaí bónais do theaghlaigh roimh an Nollaig

22/10/2023

Cabhróidh na híocaíochtaí do theaghlaigh le daoine i rith míonna an gheimhridh

Cuirfear tús leis na híocaíochtaí bónais do theaghlaigh, a fógraíodh i mBuiséad 2024, agus beidh said ar fail ón mhí seo chugainn, tá sé fógartha anois.

D’fhógair an tAire Airgeadais Michael McGrath agus an tAire Caiteachais Phoiblí Paschal Donohoe Buiséad 2024 an tseachtain seo caite.

Le sin d’fhógair an dá Aire íocaíochtaí don bhliain atá le teacht, lena n-áirítear:

méadú €12 d’fhaighteoirí leasa shóisialaigh (social welfare recipients);

méadú ar an gcreidmheas cánach cíosa (rent tax credit), go €750;

agus ciorrú 25% ar chostais chúram leanaí do theaghlaigh.

Fógraíodh freisin raon íocaíochtaí bónais aonuaire (once-off bonus payments), agus beidh cúramóirí (carers), pinsinéirí agus daoine faoi mhíchumas (with disabilities) ag fáil a mbónas €400 sa tseachtain dar tús 20 Samhain.

Sa tseachtain chéanna, gheobhaidh thart ar 46,500 teaghlach €400 breise mar chuid den íocaíocht bhónais do Theaghlach Oibre (Working Family bonus payment).

Íocfar an Liúntas Breosla (Fuel Allowance), a thagann gach geimhreadh freisin ar an tseachtain dar tús 20 Samhain. Cáilíonn (qualify) 409,000 teaghlach don deontas tacaíochta ar fiú €300 é.

Beidh orthu siúd atá ag fáil an Deontas Tacaíochta Cúramóra (Carer’s Support Grant) fanacht go dtí an tseachtain dár gcionn chun a n-íocaíocht bhónais a fháil, mar a gcéanna leo siúd atá ag súil leis an liúntas maireachtála aonair (living alone allowance).

Dáiltear (distribute) an liúntas seo ar dhaoine scothaosta (elderly) den chuid is mó, agus tá thart ar 237,000 socraithe chun leas a bhaint as an €200 breise i mbliana.

Gheobhaidh na daoine atá ag fáil an tSochair Linbh (Child Benefit) íocaíocht bhónais de €100 freisin le seachtain dheireanach na Samhna.

I mí na Nollag, gheobhaidh faighteoir leasa shóisialaigh a bhónas Nollag, agus beidh suas le 1.3 milliún duine réidh le leas a bhaint as an mbónas.

Scaipfear é seo ó 4 Nollaig, mar aon leis an íocaíocht dúbailte Sochar Linbh de €280 in aghaidh an linbh.

Ó 29 Eanáir, íocfar an dara híocaíocht dhúbailte d’fhaighteoirí leasa shóisialaigh.

Cuirfear tús leis na creidmheasanna leictreachais (electricity credits) ó mhí na Nollag. I mBuiséad 2024, fógraíodh go n-eiseofaí trí chreidmheas do theaghlaigh ar fud na tíre, ag an bhfigiúr beagán níos lú de €150.

Tiocfaidh an chéad cheann ón 1 Nollaig, agus cuirfear an dara agus an tríú ceann i bhfeidhm i mí Eanáir agus i mí an Mhárta.

Íocaíochtaí bónais do theaghlaigh: an tAire Airgeadais Michael McGrath agus an tAire Caiteachais Phoiblí Paschal Donohoe
Íocaíochtaí bónais do theaghlaigh: an tAire Airgeadais Michael McGrath agus an tAire Caiteachais Phoiblí Paschal Donohoe

In áiteanna eile, leathnaíodh scéim na leabhar scoile saor in aisce chuig daltaí meánscoile suas go dtí leibhéal an Teastais Shóisearaigh (Junior Certificate) – agus tá 215,000 páiste sa bhreis le leas a bhaint as an scéim leasaithe.

Thug an tAire McGrath faoiseamh cánach le haghaidh bliain amháin ar ús morgáiste isteach freisin, a bhfuil teorainn de €1,250 air in aghaidh na réadmhaoine (property), d’úinéirí tithe teaghlaigh a bhfuil idir €80,000 agus €500,000 acu.


Scéalta ExtraG.ie ó Luan go hAoine

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram