B’fhéidir gur tháinig deireadh, le briseadh croí, le gairmréim rugbaí Johnny Sexton ag an deireadh seachtaine, ach tá neart le súil aige trína fhiontar gnó.
Bhí sé ina chaptaen ar a thír don uair dheireanach Dé Sathairn nuair a chaill Éire in aghaidh an Nua-Shéalainn i gcluiche ceathrú ceannais Chorn an Domhain Rugbaí.
Ainneoin nach bhfuil sé ag leanúint leis an ngairm atá aige ó thosaigh sé leis i 2006, tá cuma ar an scéal go dtabharfaidh Johnny na buanna móra isteach sa todhchaí leis.
Tá céimí UCD (UCD graduate) chomh oilte i saol an ghnó agus atá sé ar an pháirc, tar éis dó na blianta beaga anuas a chaitheamh ag fiosrú bealaí gairme féideartha.
De réir Business Plus, d’fhéadfadh go mbeadh Johnny réidh le ról buan a ghlacadh leis an gcomhlacht pacáistithe inbhuanaithe (sustainable packaging company) Paul Coulson, Ardagh Group.
Tá Johnny, daid de thriúr, ag obair mar bhainisteoir tráchtála don chomhlacht lá amháin sa tseachtain le tamall anuas.
Ag foghlaim cleasa na trádála, bhunaigh Johnny JAS Management and Promotions Ltd, a thaifead brabúis de €2.3 milliún anuraidh.
D’éirigh chomh maith sin le hobair Johnny le JAS gur mhéadaigh sé féin agus a bhean chéile Laura, atá ina stiúrthóir ar an gcuideachta, a dtuarastal ó €82,900 in 2021 go €100,500 in 2022.
Ina theannta sin, rinne siad os cionn €500,000 i ranníocaíochtaí pinsin in 2022.
Ina theannta sin, ainmníodh Johnny mar cheann de na hinfheisteoirí i mbabhta maoinithe €9.8 milliún do Dash Water sa Bhreatain i mí Feabhra na bliana seo.
Ag díol níos mó ná 250,000 cannaí anuraidh, tá an chuideachta réidh le bheith ar cheann de na díoltóirí uisce is mó sa bhreatain sna blianta beaga amach romhainn.
Murar leor sin, tá Johnny ag obair mar ambasadóir branda do siopaí Mace in Éirinn ó 2018, ag cur an chomhlachta chun cinn ar an teilifís, ar an raidió agus ar na meáin shóisialta.
Tá sé le feiceáil fós an rachaidh Johnny isteach i saol na bainistíochta rugbaí nó na ‘punditry’ teilifíse cosúil le cuid dá chomhghleacaithe rugbaí, ach ní miste a rá go mbeidh todhchaí deas ag Johnny.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.