Tá foláireamh tugtha faoi Stoirm Babet ag Met Éireann faoi bháisteach trom, tuilte (floods) agus coinníollacha contúirteacha tiomána ar fud Chiarraí, Chorcaí agus Phort Láirge (Waterford) inniu (Dé Céadaoin).
Agus tá Storm Babet ag bogadh isteach sa tír le linn rabhadh báistí Stádas Oráiste.
Táthar ag súil go dtabharfaidh Storm Babet 100mm de bháisteach agus luasanna gaoithe suas le 80kmh go hÉirinn agus Sasana.
Idir an dá linn, tá 29 contae eile, thuaidh agus theas, fágtha faoi Rabhadh Báistí Stádas Buí, rud a fhágann tuilte áitiúla agus infheictheacht laghdaithe (reduced visibility) chomh maith le coinníollacha contúirteacha tiomána.
Tá an Rabhadh Báistí Stádas Buí i bhfeidhm go dtí 8pm do Chúige Laighean, an Chabháin, Dhún na nGall agus Mhuineacháin (Leinster, Cavan, Donegal agus Monaghan) agus go dtí 6pm don Chlár, Luimneach, Tiobraid Árann agus Connacht (Clare, Limerick, Tipperary agus Connacht).
Tá foláirimh tuilte tromchúiseacha eisithe don leath theas den tír, agus tuairiscíonn Comhairle Contae Chorcaí tuilte ag Droichead an Locha Cloich na Coillte (Clonakilty) tráthnóna Dé Máirt ag iarraidh ar chriúnna uisce a phumpáil ón mbóthar. Tharla tuilte tromchúiseacha freisin i Sráidbhaile an Gheata Bháin (Whitegate Village) tráthnóna Dé Máirt.
Eisíodh rabhadh Stádas Buí freisin do Aontroim, Ard Mhacha agus an Dún (Antrim, Armagh agus Down), mar go bhfuiltear ag súil go dtabharfaidh Stoirm Babet tréimhse fhada de bháisteach throm go codanna den Tuaisceart ó thús Dé Céadaoin go Déardaoin.
Beidh an rabhadh i bhfeidhm ó 6am Dé Céadaoin go dtí 12pm Déardaoin.
Mairfidh Stoirm Babet ón gCéadaoin go dtí an Satharn, agus meastar go mbeidh sé ina chúis le tuilte, ciorruithe cumhachta agus cur isteach ar thaisteal.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.