Tá sé ráite ag Jada Pinkett Smith ar chlár teilifíse go bhfuil sí féin agus Will Smith scartha óna chéile ó bhí 2016 ann.
Scríobh Pinkett Smith faoin scaradh ina cuimhneachán (memoir) nua, Worthy.
Labhair sí faoin bhfíric nach bhfuil sí féin agus Smith ‘ina gcónaí le chéile’, le linn agallaimh le Today NBC ar Dé Céadaoin.
Dúirt Pinkett Smith gur ‘colscaradh (divorce)’ é an scaradh go bunúsach, toisc nach bhfuil baint rómánsach idir í féin agus Smith.
Nuair a fiafraíodh di cén fáth nár nocht siad an nuacht níos luaithe, dúirt Pinkett Smith nach raibh siad ‘réidh fós’.
‘[Bhíomar] fós ag iarraidh a fháil amach, idir an bheirt againn, conas a bheith i gcomhpháirtíocht, ceart? Agus maidir le conas a chuirimid é sin i láthair daoine eile,’ a dúirt sí. ‘Agus níor thuigeamar é sin.’
Dúirt Pinkett Smith go raibh ‘a lán rudaí’ ba chúis leis an scaradh.
‘Sílim, faoin am gur shroicheamar 2016, go raibh muid traochta (exhausted) leis,’ a dúirt sí.
‘Sílim go raibh an bheirt againn fós inár gcuid fantaisíochta faoin rud a cheapamar ba cheart a bheith ag an duine eile.’
Dúirt sí gur smaoinigh sí ar cholscaradh ach dúirt sí: ‘Rinneamar gealltanas nach mbeidh cúis ann go brách linn colscaradh a fháil, go n-oibreoimid trí cibé rud atá mícheart. Agus ní raibh mé in ann an gealltanas sin a bhriseadh.’
Tá an pósadh idir Pinkett Smith agus Smith ina ábhar mórán tuairimíochta le fada an lá.
Shéan Pinkett Smith roimhe seo go raibh caidreamh oscailte acu. Agus bhí tuairimíocht faoi staid a bpósadh in 2020, nuair a nocht Pinkett Smith ‘entanglement’ leis an amhránaí August Alsina.
Phós Pinkett Smith agus Smith i mí na Nollag 1997 agus tá beirt leanaí fásta acu, Jaden, 25; agus Willow, 22.
Tharla an eachtra poiblí is cáiliúla a bhain le Will agus Pinkett Smith ag na hOscars i 2022 nuair a chuaigh Will Smith ar an stáitse agus bhuail sé Chris Rock mar gheall a jóc a d’inis Rock faoi Pinkett Smith.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.