Tugann an tUachtarán ómós don bhean Éireannach a maraíodh in ionsaí Hamas

12/10/2023

Agus teaghlach croíbhriste Kim Damti ag caoineadh a báis, cuireann an tUachtarán Micheál D Ó hUiginn comhbhrón ó chroí leo

Thairg an tUachtarán a chomhbhrón do theaghlach an bhean Éireannach Kim Damti a mharaigh Hamas in Iosrael.

Bhí Kim ar iarraidh tar éis an ionsaí ag féile ceoil an deireadh seachtaine seo caite.

Máthair Kim agus cuid dá teaghlach
Máthair Kim agus cuid dá teaghlach

Ach i ráiteas do Nuacht RTÉ tráthnóna Dé Céadaoin, dúirt a haintín Pat Cooper: ‘Le brón ó chroí, d’fhógair teaghlach Cooper bás a neacht, Kim Damti.

‘Gabhaimid buíochas leo siúd ar fad a thacaigh linn le grá agus le spreagadh le cúig lá anuas.

‘Iarraimid le meas ar na meáin ar phríobháideachas agus am seo.’

Bhí Kim ag ócáid cheoil i Re’im i ndeisceart Iosrael áit ar mharaigh míleataigh Hamas timpeall 250 duine.

I bpostáil ar na meáin shóisialta, thug a deirfiúr Laura ómós di. Dúirt sí: ‘With great sorrow and gloomy grief, I announce the killing of our angel, our flower, Kim my blood, who was murdered by the cursed terrorists.

Dúirt an tUachtarán Ó hUiginn: ‘Is mór an brón atá cloiste agam faoi bhás an tsaoránaigh óig Éireannaigh-Iosraelaigh Kim Damti.

‘Tá na cúinsí inar tógadh a saol, tar éis di taisteal mar a rinne sí chun freastal ar fhéile ceoil, fíor uafásach.

‘Ní hé amháin dúinne atá mar thuismitheoirí, ach iad siúd go léir a bhraitheann gur chóir go mbeadh daoine óga saor chun freastal ar imeachtaí lena bpiaraí (peers) faoi choinníollacha sábháilteachta (conditions of safety), a cheapfaidh gur uafásach an rud é na cúinsí ina dtógtar an saol óg.

‘Cuireann bás Kim i gcuimhne dúinn arís eile gur sárú scanrúil ar an dlí bunúsach idirnáisiúnta i gcoinníollacha coinbhleachta é díriú ar shibhialtaigh ar an mbealach seo.

‘Cuirim comhbhrón ó chroí le teaghlach, cairde Kim agus leo siúd ar fad a roinn sí a saol leo.’

Dúirt an Taoiseach Leo Varadkar go raibh an tír ‘aontaithe ag caoineadh’ do Kim.

Dúirt sé freisin: ‘Bhí a bás, agus bás níos mó ná míle saoránach eile d’Iosrael agus ar fud an domhain, gan chiall agus barbarach.

“Thug Kim sonas agus áthas dá teaghlach agus dóibh siúd timpeall uirthi. Agus muid ag fáil amach faoina bás, déanaimid sos chun smaoineamh uirthi féin, ar a teaghlach in Iosrael agus in Éirinn agus orthu siúd go léir atá faoi bhrón anois.’

Dúirt an Tánaiste agus an tAire Gnóthaí Eachtracha Micheál Martin: ‘Nuair a tháinig scéala chugainn thar an deireadh seachtaine go raibh saoránach Éireannach ar cheann de na céadta a chuaigh ar iarraidh i ndiaidh ionsaí sceimhlitheoireachta Hamas in Iosrael, bhí súil againn gan dóchas go bhfaighfí slán sábháilte í.

‘Is uafásach an scéal é go bhfuil an dóchas seo múchta anois.

Ómós ón Uachtarán do Kim
Ómós ón Uachtarán do Kim

‘Beidh duine ar bith a bhreathnaíonn ar ghrianghraf Kim sna meáin le cúpla lá anuas tugtha leis an fuinneamh atá ina léiriú; bean óg, 22 bliain d’aois, le saol iomlán chun tosaigh uirthi.

‘Is uafásach an rud é leanbh a chailleadh. Ní féidir cur síos a dhéanamh ar leanbh a chailleadh i gcúinsí dá leithéid.’

Labhair an tUasal Martin le teaghlach Kim chun a chomhbhrón ó chroí a chur in iúl.


Scéalta ExtraG.ie ó Luan go hAoine

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram