Na buntáistí duitse sa Bhuiséad – agus caillteanais do dhaoine áirithe

12/10/2023

Tacaíocht d’oibrithe, do dhaoine ar leas sóisialach, do theaghlaigh, do chíosóirí agus fiú do thiarnaí talún sa Bhuiséad

Tráthnóna Dé Máirt, d’fhógair an tAire Airgeadais Michael McGrath a Bhuiséad leis an tAire Caiteachais Phoiblí Paschal Donohoe.

Agus go leor teaghlach ina gcónaí i staid imní faoi chostais mhéadaithe sna míonna amach romhainn, d’fhógair an Rialtas pacáiste €6.4 billiún ina bhfuil go leor ag tabhairt ‘Giveaway Budget’ air roimh bhliain toghcháin.

Seo iad na príomhphointí.

Cáin agus obair

Méadú ar creidmheasanna (credits) le haghaidh fostaí pearsanta PAYE agus cánach ioncaim tuillte faoi €100 an duine.

Méadú €2,000 ar an gnáth ráta cánach ioncaim scoithphointe (cut-off point), go €42,000.

Laghdú ar an Muirear Sóisialta Uilíoch (Universal Social Charge, USC) ó 4.5% go 4% – an chéad laghdú ar an USC le cúig bliana anuas.

Íosphá (Minimum wage) le hardú faoi €1.40 go €12.70

Tithíocht agus cíos

Ardaíodh an creidmheas cánach cíosa (rent tax credit) ó €500 go €750.

Beidh creidmheas cánach do thiarnaí talún arbh fhiú idir €600 agus €1,000 é – ag brath ar cé chomh fada is atá an réadmhaoin (property) ar cíos.

Faoiseamh cánach aon bhliana ar ús (interest) morgáiste, nach mbeidh níos mó ná €1,250 d’úinéirí tí agus do dhaoine a bhfuil idir €80,000 agus €500,000 le íoc acu.

Fuinneamh agus breosla

Beidh trí chreidmheas fuinnimh (energy credits) ann, ar fiú €150 an ceann iad: ceann amháin in am don Nollaig agus dhá cheann eile roimh dheireadh an earraigh. Tá na creidmheasanna níos ísle ná an bhliain seo caite.

Coinneofar an ráta VAT do ghás agus leictreachas ar 9% ar feadh 12 mhí eile, rud a shábhálann €90 do thomhaltóirí (consumers) leictreachais agus €62 ar an meán do thomhaltóirí gáis.

Tá moill curtha ar mhéadú pleanáilte ar costas breosla a bhí le tarlú ar an 31 Deireadh Fómhair.

Déanfar méaduithe 8c ar pheitreal, 6c ar dhíosal agus 3.4c ar ola gháis mharcáilte in dhá chuid chothroma: ar an 1 Aibreán 2024 agus an 1 Lúnasa 2024.

Toitíní agus vapes

Beidh méadú 75c ar 20 toitín.

Gearrfar cáin ar r-toitíní agus ar galtoitíní (vapes).

Leas sóisialach

Dhá íocaíocht dhúbailte d’fhaighteoirí cosanta sóisialta: an ‘Bónas Nollag’ i mí na Nollag agus tacaíocht Costas Maireachtála i mí Eanáir, ag dul chuig pinsinéirí, cúramóirí (carers) agus cuardaitheoirí poist (jobseekers).

Íocaíocht €400 dóibh siúd a fhaigheann an deontas tacaíochta cúramóra, an liúntas míchumais (disability allowance), pinsean na ndall, an pinsean easláine (invalidity pension) agus an liúntas cúram baile (domiciliary care allowance).

Budget 2024mcgrath and paschal Extra 2 2

Íocfar an Íocaíocht Dúbailte Linbh, ar fiú €140 sa bhreis é, faoin Nollaig.

Beidh liúntas Cúraim Altrama (Foster Care) dúbailte ann.

Beidh Íocaíocht Teaghlaigh Oibre (Working Family Payment) €400 ann freisin níos déanaí i mbliana.

Déanfar íocaíocht do gach leanbh a fhaigheann an Méadú um Leanbh Cáilithe (Qualified Child Increase).


Scéalta ExtraG.ie ó Luan go hAoine

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram