€40,000 bailithe don bhean as Éirinn a lámhaigh (shot) san Astráil

08/10/2023

Dúirt Bleachtaire san Astráil nach bhfuil na póilíní ag súil le haon ghabháil a dhéanamh

Tá €40,000 bailithe cheana féin trí leathanach GOFUNDME, ag cairde teaghlaigh na mná as Éirinn a lámhaigh (shot) ag a hiarpháirtí (ex-partner) san Astráil.

Tá an t-airgead ann chun cabhrú léi téarnamh agus ligean dá máthair taisteal le bheith in aice léi.

Lámhachadh agus gortaíodh Eileen Gibbons, 38, sa bholg i dteach teaghlaigh a hiarpháirtí i Millner, Darwin, san Astráil, agus tugadh chun an ospidéil í Dé Máirt i riocht criticiúil.

Agus fuair a hionsaí Ralph Donald bás ag an láthair mar gheall ar chréachta gunnaí (gun wounds) a rinne sé féin.

Is máthair iníon aon bhliain d’aois í, Sylvia.

Ag labhairt dó Dé Máirt, dúirt Bleachtaire Sáirsint Paul Morrissey, ó phóilíní Darwin, go bhfuil na bleachtairí ag fiosrú an eachtra.

Dúirt sé freisin go raibh an t-arm tine a chreidtear a úsáideadh sa lámhach aimsithe, agus nach bhfuil na póilíní ag súil le haon ghabháil a dhéanamh maidir leis an lámhach.

Sheol teaghlach agus cairde Ms Gibbons an leathanach GOFUNDME ag an deireadh seachtaine.

Scríobh siad: ‘Táimidne, a ghaolta agus a chairde, ag iarraidh an scéala a roinnt go raibh Eileen Gibbons, oibrí sóisialta tiomnaithe, máthair agus cara le go leor daoine páirteach i dtimpiste tragóideach in Darwin Astráil, áit a bhfuil sí ina cónaí lena iníon Silvia atá aon bhliain d’aois.

‘Tá ár gcabhair ag teastáil ó Eileen, cúramóir a bhfuil aithne uirthi as a tiomantas dá cuid othar, chun na dúshláin atá le sárú aici a shárú.

Ralph Donald 1
Ralph Donald

‘Chomh maith leis an dola fhisiciúil agus mhothúchánach ar Eileen, tá a máthair Ann, agus baill eile den teaghlach, ag iarraidh a bheith taobh léi agus í ag tosú ar a cosán chun téarnaimh.’

Dúirt siad go gcabhróidh gach síntiús lena teaghlach a bheith taobh léi agus ‘iad a thabhairt ar ais abhaile go hÉirinn faoi dheireadh’.


Scéalta ExtraG.ie ó Luan go hAoine

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

COMHROINN ANOIS

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram