Yeeeeee haw! Ná bac le na ‘moaners’. Seo chugainn Rhinestone Kielty

06/10/2023

In ainneoin na bhfadhbanna le déanaí tá muid ag súil le ceol, craic agus Kielty ar an Late Late anocht

Tá roinnt den na clamhsánaí  (monaers) ag gearán faoin gcuma nua ar an Late Late ach ní chuireann sé sin isteach ar Patrick Kielty.

Tá an t-óstach nua ag teacht amach lena ‘guns a-blazzin’.

Is é anocht ceann d’oícheanta móra na bliana don seó le Clár Speisialta an Cheoil Tíre – the Country Music Special.

Agus cé go bhfuil an t-óstach nua gléasta don ócáid i hata buachaill bó agus i ‘chaps’ – tá cúpla duine eile ag gearán faoi.

Tá léiritheoir sinsearach tar éis an seó a fhágáil tar éis trí chlár den séasúr nua le Kielty.

Thuairiscigh an Irish Examiner gur fhág Jane Murphy an Late Late agus go raibh ‘teannas’ sa chúlra.

D’oibrigh Ms Murphy roimhe seo ar an Late Late agus ar an Toy Show le linn thréimhse Ryan Tubridy mar óstach.

Thuairiscigh siad freisin go raibh ‘clashes’ le Kielty mar gheall ar shaincheisteanna lena n-áirítear aíonna agus eipeasóid na seachtaine seo caite, agus Kielty ag marcaíocht ar chapall meicniúil (mechanical horse) gléasta mar jockey.

Chomh maith leis sin tá líon an lucht féachana ag titim.

Thosaigh Kielty a thréimhse tar éis Tubridy i mí Mheán Fómhair.

Cuireadh tús láidir lena chéad seó agus shroich sé  lucht féachana de 934,000 agus 830,000 ar an meán nuair a craoladh é Dé hAoine 15 Meán Fómhair.

Patrick Kielty
Patrick Kielty

Mar sin féin, ó shin i leith, thit na figiúirí. Tharraing an tríú clár ar Dé hAoine seo caite (29 Meán Fómhair) 486,000 lucht féachana ar an meán, de réir figiúirí oifigiúla ó RTÉ.

Agus tá roinnt daoine ag gearán fiú faoin Country Music Special, a bhfuil an-tóir air.

Chuaigh tionscnóir ceoil (music promoter) Anthony Sullivan ar na meáin shóisialta an tseachtain seo ag gearán go mbeidh Clár Speisialta an Cheoil Tíre ar fad réamhthaifeadta oíche Chéadaoin agus oíche Aoine.

Níl a fhios againn fós cé hiad na haíonna a bheidh ann – ach is féidir linn buille faoi thuairim a ghlacadh. Agus táim cinnte go mbeidh muid ar fad in ann canadh in éineacht leis na réaltaí ar an oíche.


Scéalta ExtraG.ie ó Luan go hAoine

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram