Cáineadh ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre sa Bhreatain, Keir Starmer, as ‘iarrachtaí bac a chur ar an daonlathas in Éirinn’.
Tá ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre sa Bhreatain, Keir Starmer, tar éis diúltú don mholadh go ndéanfaí reifreann ar Éirinn aontaithe.
Cháin grúpaí atá ag iarraidh a leithéid de vóta, áfach, ‘arrogance of Westminster’ agus cáineadh é mar ‘iarrachtaí bac a chur ar an daonlathas in Éirinn’.
Dúirt Starmer go raibh ceisteanna ar bith faoi cheadú vóta dá leithéid sa Tuaisceart ‘go hiomlán hipitéiseach (hypothetical)’ faoi láthair.
‘Ní dóigh liom go bhfuil muid áit ar bith in aice leis an gcineál sin ceiste … níl sé fiú ar an bacáin.’ a dúirt sé.
Is dócha go mbeidh Starmer i gceannas ar an gcéad rialtas eile sa Bhreatain agus roimhe seo bhí Páirtí an Lucht Oibre sa Bhreatain níos mó tacaíochta d’Éirinn aontaithe ná mar a bhi na Tories.
Cháin rúnaí an Tuaiscirt Chris Heaton-Harris tuairimí le déanaí ón Taoiseach Leo Varadkar, go mbeidh Éire aontaithe ann ina shaol.
Cáineadh tuairimí Starmer ag grúpaí atá ag iarraidh vóta ar Éire aontaithe.
Rinne Ireland’s Future, eagraíocht atá ag brú ar son Éire aontaithe, cur síos ar tuairimí Starmer mar shampla de ‘arrogance of Westminster’ agus dúirt go raibh siad contrártha le spiorad Chomhaontú Bhéal Feirste.
‘Nuair a thiocfaidh an t-am le haghaidh “border poll”, beidh teip ar iarrachtaí Sasanacha bac a chur ar an daonlathas in Éirinn,’ a dúirt an grúpa.
Dúirt Colin Harvey, ollamh le dlí cearta daonna in Ollscoil na Banríona, Béal Feirste, go bhfuil prionsabal an toilithe (principle of consent) i dTuaisceart Éireann, agus go gciallaíonn sé sin nach bhféadfadh rialtas na Breataine ‘stopadh iomlán’ a dhéanamh ar border poll.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.