‘Coppers i mo theach’: Aisteoir Laurence Fox gafa

Tá Fox i dtrioblóid cheana féin as a rá ‘Cé a bheadh ag iarraidh í sin a shag?’ faoi iriseoir baineann Ava Evans

Gabhadh Laurence Fox tar éis do na póilíní ruathar a thabhairt ar a theach i Londain Dé Céadaoin.

Tá an t-aisteoir atá ina ghníomhaí polaitíochta anois le cloisteáil ar scannán ag rá ‘Coming after Lozza’, agus na póilíní ina theach.

Bhí an óstach GB News ag labhairt le cara a bhí á scannánú ar a ghuthán ag an am.

Thaifead an ceamara ar a laghad cúigear oifigeach in éide (uniformed police) ag dul trí mhíreanna ina seomra suí.

Cloistear é á rá: ‘Cad é? Féach ar cé mhéad “coppers” atá i mo theach. Is é sin, a dhaoine uaisle, an tír ina mairimid.’

Ansin tarraingíonn sé ar todóg (drag on a cigar) agus cuireann sé a ordóg suas go dtí an ceamara.

Is cosúil go bhfuil baint ag an ngabháil le feachtas ionsaithe ar cheamaraí a cuireadh isteach ar fud Londain chun an Ultra Low Emissions Zone (ULEZ) a fhorfheidhmiú (enforce), a bhfuil coimeádaigh ina choinne.

I ráiteas, dúirt urlabhraí póilíneachta: ‘Ar an gCéadaoin 4 Deireadh Fómhair ghabh oifigigh fear 45 bliain d’aois ar amhras faoi chomhcheilg damáiste coiriúil a dhéanamh do cheamaraí ULEZ agus ag spreagadh nó ag cuidiú le cionta a dhéanamh.

‘Gabhadh i Stockwell é agus tugadh go stáisiún póilíní i Londain Theas é.’

Bhí Fox i dtrioblóid cheana féin tar éis dó a bheith le feiceáil ar an seó Dan Wootton Tonight, a chraoltar ar GB News.

Sa chlár, rinne Fox tuairimí ar an aer faoin iriseoir baineann Ava Evans.

I measc na ráiteas pearsanta a rinne sé faoi Evans dúirt sé, ‘Dé a bheadh ag iarraidh í sin a shag?’

laurence
Laurence Fox

Chuir GB News ar fionraí Fox agus an láithreoir Wootton agus ghabh siad leithscéal faoi ó shin.

Fuair Ofcom 7,300 gearán thar na heachtra an tseachtain seo caite.


Scéalta ExtraG.ie ó Luan go hAoine

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram