Tá méadú tagtha ar líon na n-othar a tháinig chuig Ospidéal Naomh Uinseann (St Vincent’s) i mBaile Átha Cliath le gortuithe a bhaineann le r-scútar.
Se sin dar leis an Dr John Legge, Comhairleach i Míochaine Éigeandála (Consultant in Emergency Medicine) in Ospidéal Ollscoile Naomh Uinseann.
Dúirt sé gur fhreastail 95 duine ar rannóg éigeandála an ospidéil mar gheall ar ghortú a bhain le r-scútar anuraidh.
De réir an Údaráis um Shábháilteacht ar Bhóithre (Road Safety Authority, RSA) idir 1 Eanáir, 2022, agus 24 Meán Fómhair, 2023, ba é 51 líon iomlán na ndaoine a gortaíodh i dtimpistí r-scútar, agus fuair triúr acu bás.
Deir an RSA gur gortaíodh 12 úsáideoir eile bóithre in imbhualadh a bhain le r-scútar le linn na tréimhse céanna, duine amháin marfach agus 11 gortaithe go dona.
Dúirt an Dr Legge, a bhí mar chuid de phlé painéil ar r-scútar ag comhdháil bhliantúil an RSA Dé Céadaoin, go raibh méadú seasta ó 2018 ar an líon a tháinig chuig an rannóg éigeandála.
‘Tá méadú soiléir ar ghortuithe le r-scútar á fheiceáil againn. In 2018, tháinig seisear chuig an roinn éigeandála le gortuithe a bhain le r-scútar,’ a dúirt sé.
‘In 2019, bhí 10, in 2020 bhí 39. In 2021 bhí 89 agus ansin i 2022 bhí sé 95 duine, mar sin tá méadú bliantúil.’
Bhí gortuithe sciathán (arm injuries) ar chuid de na gortuithe is coitianta a chonacthas mar thoradh ar r-scútar, a dúirt an Dr Legge agus gur dócha go raibh siad mar thoradh ar dhaoine ag titim as na scútair agus ag cur a láimh amach agus iad ag titim.
‘Tá gortuithe cinn agus aghaidh le feiceáil againn freisin. Is gnách go mbíonn níos mó ciorruithe aghaidhe (facial cuts) i gceist leo ach ní bhíonn an oiread gortaithe cinn acu agus a bhí mé ag súil leis,’ a dúirt sé.
‘Inár gcohórt othar, fuarthas amach nach raibh ach 30 acu ag úsáid drugaí nó alcóil.
Dúirt Liz O’Donnell, Cathaoirleach an RSA, go raibh úsáid r-scútar ag 3% den daonra faoi lár na bliana 2022 agus gur dócha go méadóidh sé go 12%.
Dúirt sí go gciallóidh reachtaíocht (legislation) nua go mbeidh cáin agus árachas ag teastáil ó r-scútar atá in ann taisteal níos mó ná 25kmh.
Táthar ag súil freisin go mbeidh aois íosta úsáide de 16 bliana, clogaid (helmets) éigeantach dóibh siúd idir 16 agus 18 bliana d’aois agus cosc ar a n-úsáid ar chosáin (footpaths).
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.