Bhí ‘Nazi’ brúidiúil ina mhúinteoir i scoil mhór le rá i mBaile Átha Cliath

Bhuail an t-iar-oifigeach as an ‘Nazi SS’ daltaí, rinne sé náiriú orthu agus dúirt sé leo éadaí a bhaint díobh

Tá gearán déanta ag iarscoláirí scoile mór le rá i mBaile Átha Cliath faoi oifigeach SS Naitsíoch (Nazi) a bhí ag múineadh ann le beagnach 30 bliain.

Tá iarscoláirí Choláiste Naomh Conleth i nDroichead na Dothra (Ballsbridge) ag iarraidh go ndéanfaí leithscéal leo, ó bhord bainistíochta na scoile.

D’fhreagair príomhfheidhmeannach na scoile Tony Kilcommons gan leithscéal a ghabháil.

Dúirt sé, áfach, go raibh an scoil i dteagmháil leis an Uasal Uki Goñi, a rinne an gearán ar dtús, agus go raibh sé ag súil le muinín a athbhunú i measc iarscoláirí.

Cuireadh pianbhreith ar Louis Feutren, náisiúnach Briotánach agus oifigeach SS, é a chur chun báis sa Fhrainc tar éis an dara Cogadh Domhanda.

Louis Feutren
Nazi Louis Feutren

Bhí sé ina bhall de Bezen Perrot, grúpa náisiúnach Briotánach a chruinnigh Giúdaigh agus trodaithe frithbheartaíochta (Resistance fighters) na Fraince ar son na Naitsithe.

Theith sé go hÉirinn i 1945 agus mhúin sé Fraincis sa scoil ó 1957 go 1985.

Tá an feachtas eagraithe ag mac iar-ambasadóir na hAirgintíne go hÉirinn, an scríbhneoir Uki Goñi, a d’fhreastail ar an scoil den chéad uair i 1971 nuair a bhí sé 14 bliana d’aois.

Dúirt an tUasal Goñi go raibh Feutren, a fuair bás in 2009, ‘ina iar-oifigeach bródúil, le bród aige san eagraíocht is olc den 20ú haois, an SS Naitsíoch’.

Dúirt sé: ‘Bhuail Feutren mé go fisiciúil le linn mo chéad laethanta ansin. Ba é an tús le go leor builleanna a fuair mé féin agus a chonaic mé Feutren ag ionsaithe ar daoine eile.’

Lean sé air freisin leis tar éis toirmeasc (ban) ar phionós corpartha sa Stát a thabhairt isteach i 1982.

Dúirt iar-dhalta eile, Kieran Owens: ‘Is cuimhin liom comhghleacaithe a fheiceáil, ar an éagóir is lú, caite trasna an tseomra, nó á dtarraingt suas as a gcuid suíochán lena gruaig.’

Dúirt Mark Collins, a d’fhreastail ar an scoil idir 1980 agus 1989: ‘Ní raibh mé go maith ag Fraincis. Is é mo chuimhne buan ar sheasamh os comhair an ranga agus gach ball éadaigh nárbh fhéidir liom a ainmniú a bhaint de.’

Dúirt iar-dhalta eile gur minic a moladh Feutren i bhfoilseacháin scoile mar mhúinteoir iontach.

Líomhnaíodh freisin nárbh é Feutren an t-aon mhúinteoir amháin a chuir cruálacht agus maslaí ar dhaltaí ag an am, ach go raibh sé ar an duine is measa acu.

In ainneoin gur tháinig sé go hÉirinn gan phingin, d’fhág Feutren eastát substaintiúil.

Bhronn sé €360,000 ar Leabharlann Náisiúnta na Breataine Bige chun staidéar a dhéanamh ar an mBriotáinis.

Dhiúltaigh an Université de Bretagne Occidentale i Brest tairiscint de €50,000 mar gheall ar thaifead cogaidh Feutren.

Dúirt an tUasal Goñi nach féidir le bainistíocht reatha na scoile a bheith freagrach as fostaíocht Feutren ach mhol sé don scoil ‘béim a chur ar an bhfad a thaistil said agus leithscéal a ghabháil as gníomhartha nach raibh baint ar bith acu leo ach a rinneadh faoin ainm atá air fós inniu’.

Mar fhreagra ar an nglaoch leithscéal a ghabháil, áfach, dúirt an tUasal Kilcommons i litir a seoladh chuig tuismitheoirí na ndaltaí agus na foirne sa scoil Dé Máirt: ‘Ní raibh aon srianta ar an múinteoir maireachtáil agus dul i mbun fostaíochta in Éirinn tar éis an Dara Cogadh Domhanda, chomh fada agus is eol dúinn.’

Níor ainmnigh sé Feutren ná an líomhain gur Naitsíoch é.

nazi 1

Níor ghlac an ráiteas leithscéal as Feutren a fhostú, ach dúirt an tUasal Kilcommons go raibh an scoil i dteagmháil leis an Uasal Goñi.

Léirigh an tUasal Kilcommons dóchas go mbeidh an scoil in ann ‘muinín a athbhunú in am idir é féin, iar-dhaltaí eile agus an scoil’.


Scéalta ExtraG.ie ó Luan go hAoine

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram