Tá imní i bhFine Gael faoi Theachtaí Dála ag éirí as

Táthar ag súil go ndéarfaidh níos mó Teachtaí Dála de chuid Fhine Gael nach bhfuil siad chun seasamh sa chéad olltoghchán eile

Tá sé tugtha le fios tar éis roinnt pobalbhreitheanna nach mbeidh níos mó Teachtaí Dála de chuid Fhine Gael ag seasamh sa chéad olltoghchán eile.

Mar sin féin, tá formhór mór Teachtaí Dála Fhianna Fáil, seachas Brendan Smyth b’fhéidir, ag beartú seasamh arís.

Laistigh de FG – áit a bhfuil ochtar Teachtaí Dála tar éis éirí as nó a rún gan seasamh arís a chur in iúl – tá méadú ag teacht ar an tuairimíocht maidir le hintinn Teachtaí Dála eile amach anseo.

Tá sé ráite ag Paul Kehoe (Loch Garman), Bernard Durkan (Cill Dara), Michael Ring (Maigh Eo), Frank Feighan (Sligeach-Liatroim) agus Damien English (An Mhí) go bhfuil sé ar intinn acu seasamh arís.

Tá éiginnteacht ann, áfach, faoi rún Joe Carey (An Clár) Fergus O’Dowd (Lú) agus Ciarán Cannon (Gaillimh Thoir).

Dúirt foinse amháin: ‘Níor cheap éinne mí ó shin go mbeadh Charlie Flanagan agus Richard Bruton ag imeacht.’

Baineann éiginnteacht freisin le pleananna fadtéarmacha na n-airí Simon Coveney agus Paschal Donohoe.

Cé go bhfuil an Taoiseach Leo Varadkar ag rá nach bhfui ann ach chuid de ghnáthphróiseas, tá an cás ina bhfuil beagán faoi bhun leath den pháirtí parlaiminte ag smaoineamh ar fhágáil ag cur le míshuaimhneas san pháirtí.

Tá an diomá  i bhFine Gael ard agus dúirt pearsa sinsearach amháin: ‘Tá gach duine ag díriú ar imeacht mar Charlie Flanagan agus na TDeanna, ach tá comhairleoirí ag éirigh as freisin.’

Tá rialacha nua tugtha isteach a cheadaíonn do chomhairleoirí a bhfuil níos mó ná 20 bliain seirbhíse acu cáiliú d’íocaíocht aonuaire os cionn €76,000 má chinneann siad gan seasamh.

Leo Varadkar
Leo Varadkar

Tá go leor comhairleoirí fós lena n-intinn a fhógairt ach i gCiarraí, dúirt beirt chomhairleoirí de chuid Fhine Gael le fada an lá, Jim Finucane agus Séamus Cosaí Fitzgerald, le déanaí nach mbeidh siad ag seasamh.

Agus ní bheidh comhairleoir de chuid Fhine Gael I gCathair Chorcaí, Derry Canty, ag seasamh ach an oiread.


Scéalta ExtraG.ie ó Luan go hAoine

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram