Tá fear 50 bliain d’aois a gcuirtear síos air mar chaptaen an loinge le cóicín an MV Matthew os comhair na cúirte dúiche (district court) i Loch Garman (Wexford).
Dúirt an Bleachtaire Garda Liam Mangan go raibh an cúisí ‘gafa san ócáid (caught red handed)’ agus go raibh a ról ar an long mar chaptaen. Dúirt sé gurb é ról an chúisí maoirseacht a dhéanamh ar an long.
Tá sé cúisithe maidir le cóicín a urghabháil (seized) ar bord an long an tseachtain seo caite.
Tá trí chúiseamh (charges) le sárú ag Soheil Jelveh, náisiúnach ón Iaráin (Iran).
Is é an tríú fear é a tháinig os comhair cúirte tar éis é a bheith cúisithe as €157 milliún cóicín a urghabháil ar long lastais amach ó chósta na hÉireann.
Cúisíodh Jelveh, ar tagraíodh (referred to) dó sa chúirt mar chaptaen loinge, as cóicín a bheith ina sheilbh ar an 24 Meán Fómhair agus cúisíodh é freisin as an druga rialaithe a bheith ina sheilbh aige chun é a dhíol nó a sholáthar.
Fuarthas 2,253kg de chóicín ar an MV Matthew.
Dúirt an Garda Síochána go raibh an urghabháil ar an gceann is mó i stair an stáit.
Creideann Gardaí go raibh an cóicín ag dul go dtí an Bhreatain agus mór-roinn na hEorpa.
Dúirt an Bleachtaire Garda Mangan, ó Bhiúró Náisiúnta an Gharda Síochána um Dhrugaí agus Coireacht Eagraithe
go ndearnadh an cúisí a aeriompar (airlifted) as an long ar an 25 Meán Fómhair tar éis tuairiscí a fháil go raibh sé gortaithe.
Dúirt an tUasal Mangan go raibh an cúisí ‘gafa san ócáid (caught red handed)’ agus go raibh a ról ar an long mar chaptaen. Dúirt sé gurb é ról an chúisí maoirseacht a dhéanamh ar an long.
Rinne Gardaí agóid in aghaidh iarratas ar bhannaí (bail) ó aturnae Jelveh, Lana Doherty, ar an bhforas go gcreideann siad go mbeadh sé ag teitheadh ón dlínse (flee the jurisdiction).
Dhiúltaigh an Breitheamh John Cheatle don bhannaí, ag rá: ‘Tá na líomhaintí in aghaidh an chosantóra chomh tromchúiseach agus tá a naisc leis an dlínse chomh teann sin go bhfágann sé bannaí dodhéanta, i m’intinn, sa chás seo.’
Coinníodh Jelveh faoi choimeád le bheith os comhair na Cúirte Dúiche i Loch Garman arís trí nasc físe (videolink) ar 9 Deireadh Fómhair.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.