Scéal agus Scanlon: Gig iontach ag Pauline i nGaeltacht i mBaile Átha Cliath atá ag dul i méid

28/09/2023

Bhí ceolchoirm Pauline Scanlon ar cheann de go leor imeachtaí móra a d’eagraigh pobal na Gaeilge in Inse Chór (Incicore) i mBaile Átha Cliath

Is duine d’amhránaithe móra Chiarraí Thiar, a bhfuil an ceol sa dúchas mórthimpeall orthu í Pauline Scanlon.

Agus bhí deis ag lucht Ghaeltachta amháin i gcroílár Bhaile Átha Cliath, atá beag ach ag fás go tapa, í a cloistéail le déanaí.

Bh í an ceolchoirm as Gaeilge le Pauline Scanlon sa Cherry Tree Cúpla seachtain ó shin.

Agus tá Pauline le cloisteáil ag canadh agus ag caint faoi, in éineacht le baill den phobal a bhí ann, san fhíseán gearr seo. CLIC ANSEO

Ar na ceoltóirí eile sa traidisiún sin tá Séamus Begley agus is minic Pauline ar stáitse leis, agus daoine eile ar nós Sinéad O’Connor, Damien Dempsey agus John Spillane.

Tá canta ag Pauline i mórán áiteanna ar fud na hÉireann chomh maith le stáitsí ar fud na cruinne – Glastonbury Shasna agus Halla Carnegie i Nua Eabhrach ina measc.

Bhí sí freisin mar chuid de Lumiere le Eilis Ni Chinneide.

Tá sí anseo mar chuid de Lumiere le Damien Dempsey agus iad ag anadh The West’s Awake sa Ceoláras Náisiúnta (National Concer Hall). CLIC ANSEO

Pauline i Lumiere le Eilis Ni Chinneide
Pauline i Lumiere le Eilis Ni Chinneide

Ceithre albaim atá eisithe ag Pauline go dtí seo agus tá ard mholadh fachta acu go léir agus eolas fuatha ar paulinescanlon.net.

Agus tá an Ghaeltacht in Inse Chór ag dul ó neart go neart le go leor ceolchoirmeacha agus gníomhaíochtaí beartaithe.


Scéalta ExtraG.ie ó Luan go hAoine

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

Comhroinn Anois

You might also like ...

Lean ExtraG.ie

Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram