Tá Molly, ‘super fan’ Daniel O’Donnell, mar ‘influencer’ anois, tar éis í a scaoileadh saor ón bpríosún

26/09/2023

D’athraigh Molly a saol go hiomlán agus tá slí bheatha sláintiúil aici sa Spáinn anois

Tá ‘super fan’ Daniel O’Donnell, Molly Kate Sloyan, tar éis í féin a athrú go hiomlán agus tá sí ina cónaí sa Spáinn mar ‘influencer’.

Tá an bhean as Corcaigh, 29, tar éis a slí bheatha a athrú tar éis di a scaoileadh saor ón bpríosún i 2021 in a dhiaidh a ról i monarcha drugaí.

Molly ar an Late Late Show
Molly ar an Late Late Show

Bhí pictiúir de Molly víreasach (viral) ar na meáin shóisialta i  2016 nuair a bhí sceitimíní an-mhór uirthi sa lucht féachana ar chlár speisialta Valentine don Late Late Show, agus bhí sé ráite go raibh ‘Daniel O’Donnell’ ag teacht amach.

Mar sin féin, nuair a tháinig an t-aithriseoir Mario Rosenstock amach mar ‘Daniel’, d’athraigh aghaidh Molly go míshásamh sofheicthe (visible annoyance).

Ar deireadh, d’éirigh le Molly bualadh le Daniel tar éis an ghearrthóg víreasach agus tar éis don amhránaí cuireadh a thabhairt di chuig ceann dá cheolchoirmeacha.

Ach i 2018, ciontaíodh (convicted) sí féin agus triúr eile tar éis pleanáil cóicín a bhaint as ábhar fabraic Allmhairithe (imported fabric material).

Ionchlannaíodh cóicín go ceimiceach i bhfabraic éadaí sa Bhrasaíl, agus baineadh úsáid as teach Airbnb i mBeanntraí (Bantry) ansin chun an cóicín a bhaint le ceimiceáin.

D’admhaigh Molly go raibh sé ag rith an tí Airbnb agus ag ceannach na gceimiceán chun oibríocht drugaí a chur ar bun i gCorcaigh, a chuala Cúirt Chuarda Choiriúil an chontae.

Molly mar 'influencer'
Molly mar ‘influencer’

Gearradh 10 mbliana i bpríosún í in 2018 ach laghdaíodh a pianbhreith go cúig bliana le bliain go leith ar fionraí. Scaoileadh saor sealadach í i mí Dheireadh Fómhair 2019, ar choinníoll go mbeadh sí ag plé leis na Seirbhísí Promhaidh (Probation Services) ar feadh dhá bhliain.

Ó shin i leith tá sí, dar le cairde, tar éis a saol a athrú agus tá slí bheatha sláintiúil aici sa Spáinn.


Scéalta ExtraG.ie ó Luan go hAoine

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram