Tar éis an líon is airde ainmniúchán d’Oscar i mbliana, d’fhéadfadh go mbeadh roinnt daoine cáiliúla Éireannacha ag éileamh Oscar an bhliain seo chugainn, dar le Variety.
D’ainmnigh an iris iad agus ina measc tá Cillian Murphy don Aisteoir Fireann is Fearr, ina chéad ainmniúchán Oscar, dá léiriú in Oppenheimer.
De réir Variety, is dócha go n-ainmneofar Andrew Scott freisin don Aisteoir Fireann is Fearr as a ról i All of Us Strangers, atá ina chéad ainmniúchán eile.
Tá Paul Mescal, a ainmníodh i mbliana dá ról in Aftersun ach nár éirigh leis Oscar a fháil, in All of Us Strangers freisin, nach mbeidh inár bpictiúrlanna go dtí Eanáir na bliana seo chugainn.
Tá seans ag Barry Keoghan a bheith ainmnithe arís, dar leis an iris, mar Aisteoir Fireann is Fearr do Saltburn, atá le feiceáil anseo ón 17 Samhain.
Fuair Keoghan a chéad ainmniúchán Oscar i mbliana do The Banshees of Inisherin.
D’fhéadfadh Michael Fassbender a thríú ainmniúchán don Aisteoir Fireann is Fearr a fháil dá scannán nua The Killer, a bheidh ar Netflix an 10 Samhain. Ainmníodh é roimhe seo as a chuid léirithe i Steve Jobs agus 12 Years a Slave.
Ní dóigh le Variety go n-ainmneofar Mescal don Aisteoir Fireann is Fearr an bhliain seo chugainn ach deir siad go bhféadfaidh sé Oscar a fháil fós don Aisteoir Fireann Tacú is Fearr do All of Us Strangers, a bhfuil Saoirse Ronan ann freisin.
Agus ba chóir go mbeadh seans ag Saoirse Oscar a fháil an bhliain seo chugainn don Aisteoir Mná is Fearr dá ról i Foe, a bhfuil Paul Mescal ina réalta ann freisin agus atá le scaoileadh Dé hAoine 20 Deireadh Fómhair.
Ba é seo an cúigiú uair ag Ronan deis Oscar a fháil tar éis di a bheith ainmnithe roimhe seo le haghaidh Atonement, Brooklyn, Lady Bird, agus Little Women.
Tá ardmholadh á fháil ag Eve Hewson as a ról i Flora and Son, atá i bpictiúrlanna anois agus a bheidh ar Apple TV+ ón Aoine, agus tá Variety ag súil go n-ainmneofar í don Aisteoir Mná is Fearr dá ról sa scannán sin.
Tá siad ag súil freisin go n-ainmneofar Jessie Buckly do Fingernails a bheidh ar Apple TV+ ón 3 Samhain. Ainmníodh í roimhe seo dá ról in The Lost Daughter.
Is dócha freisin go mbeidh an scríbhneoir-stiúrthóir Flora and Son John Carney aainmnithe freisin.
Tá Poor Things, a bhfuil Emma Stone ina réalta ann, agus léirithe ag an gcomhlacht Éireannach Element Pictures, tar éis an gradam don Pictiúr is Fearr ag Féile Scannán na Veinéise a bhaint amach cheana féin agus táthar ag súil go n-ainmneofar é ag na Oscars don Phictiúr is Fearr, an Stiúrthóir is Fearr do Yorgos Lanthimos, an Aisteoir Mná is Fearr do Stone agus go n-ainmneofar cineamatagrafaí Éireannach Robbie Ryan freisin.
Fuair Ryan a chéad ainmniúchán Oscar as a chuid oibre ar The Favourite arna stiúradh ag Lanthimos freisin, arna léiriú ag Element Pictures agus a bhfuil Stone ina réalta.
Meastar go mbeidh deis ag an gclár faisnéise Netflix The Deepest Breath, arna stiúradh ag an scannánóir Éireannach Laura McGann agus leis an gcomhlacht Éireannach Motive Films ann le haghaidh an Oscar don Ghné Scannán Faisnéise is Fearr chomh maith le Bono & The Edge: A Sort of Homecoming, with David Letterman.
Ní fhógrófar na hainmniúcháin Oscar go dtí an 23 Eanáir na bliana seo chugainn, áfach, agus beidh an searmanas ar siúl an 10 Márta 2024.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.