Cé nach dtarlóidh sé ar feadh míonna fada, tá go leor ealaíontóirí agus réaltaí amhránaíochta Éireannacha ag ullmhú do Eurovision 2024 cheana féin.
Tá roinnt ainmneacha Éireannacha tar éis a mhian a roinnt go bhfuil siad ag iarraidh ionadaíocht a dhéanamh ar son na hÉireann don chomórtas amhrán, tar éis iontrálaí na bliana seo caite, Wild Youth.
An tseachtain seo caite, labhair an t-iomaitheoir Dancing With The Stars Erica Cody faoina fonn amhrán na hÉireann a chanadh san Eurovision sa tSualainn an bhliain seo chugainn.
Agus anois tá iontrálaí nua féideartha ag cur a gcos is fearr chun cinn freisin – agus sa chás seo is cois atá i gceist.
Tá an ‘global sensation’ ar TikTok, na Gardiner Brothers, ag teacht le chéile le ‘King Of Swing’ na hÉireann Luke Thomas chun amhrán a chruthú do Eurosong 2024.
Tá na réaltaí rince Éireannach Michael agus Matthew tar éis líon an-tiomanta de lucht leanúna a bhailiú ar líne agus anois tá Seaimpíní an Domhain ag dúil go mór ionadaíocht a dhéanamh ar a dtír ag Eurovision na bliana seo chugainn.
Is é príomhamhránaí na High Kings Darren Holden a scríobh an t-amhrán seo agus is é Billy Farrell, a bhí ainmnithe sna Grammys, a léirigh é.
Ag labhairt dó le VIP Magazine faoin deis seo, dúirt na leaids: ‘Bhí sé ar ár radar i gcónaí agus is rud iontach é anois.
‘Ní bhfuaireamar an fheithicil cheart chun dul ar aghaidh go dtí gur tháinig Luke chugainn leis an amhrán seo.’
Bhí an t-amhránaí Luke ag caint faoi a sceitimíní as an deis seo a fháil freisin.
Dúirt sé: ‘Bhí amhrán iontach mar seo á lorg agam go deo. Tá sé foirfe go hiomlán, agus níos tábhachtaí fós tá sé barántúil (authentic).
‘Tá Darren mar chuid de na grúpaí ceoil/traidisiúnta is mó ar domhan agus mar sin tá sé go hiontach gur scríobh sé an t-amhrán seo agus go rinne sé teagmháil liom leis.
‘Agus má chuirimid na Gardiner Brothers leis sin tá sé foirfe.’
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.