Beirt de na haisteoirí is cáiliúla in Éirinn is iad Gabriel Byrne agus Aidan Gillen, agus anseo tá siad i rólanna bheirt de na scríbhneoirí is cáiliúla as Éirinn.
Tá an chéad ‘trailer’ tite don scannán nua Dance First de chuid Gabriel Byrne agus Aidan Gillen, agus iad á léiriú beirt de na scríbhneoirí is suntasaí as Éirinn: Samuel Beckett agus James Joyce.
Roimh a chéad premiere ag Féile Scannán San Sebastián níos déanaí an mhí seo, fuair daoine anseo léargas ar a bhfuiltear ag súil leis san scannán de chuid Sky.
Is é James Marsh, buaiteoir Oscar, a stiúraigh an scannán nua seo.
Rinne Marsh an gclár faisnéise Man on Wire agus an scannán The Theory of Everything.
FÉACH AR AN ‘TRAILER’ ANSEO
Tá Byrne i ról Beckett in éineacht le réalta Normal People, Fionn O’Shea, a léiríonn an scríbhneoir ina óige.
Leanann Dance First shaol Beckett ón am a bhí sé ina bon vivant Parisianach, agus trodaire lucht frithbheartaíochta (resistance) an Dara Cogadh Domhanda, go dtí an drámadóir, fear céile cliúsaíochta (philander) agus ‘recluse’ a bhuaigh Duais Nobel.
Feicimid a shaol freisin trína chaidreamh le James Joyce (Gillen), a bhean Suzanne (Sandrine Bonnaire) agus a leannán Barbara Bray (Maxine Peake).
Ag labhairt dó ar an scannán, dúirt Gabriel Bryne: ‘Is íocón liteartha uilíoch é Samuel Beckett, agus níor cuireadh a shaol ar scannán riamh roimhe seo.
‘Is fíorbheagán píosaí scannáin de atá ar fáil in aon áit, agus mar sin ba dheis iontach é seo, a bheith in ann scríbhneoir chomh tábhachtach agus duine de na hÉireannaigh is cáiliúla riamh a léiriú i scannán.’
Beidh Premiere Domhanda Dance First ar 30 Meán Fómhair ag Féile Scannán San Sebastián agus eiseofar an scannán go hoifigiúil i bpictiúrlanna roghnaithe Éireannacha ó 3 Samhain agus tiocfaidh sé i dtír ar Sky Cinema i mí na Nollag.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.