Tá beirt scríbhneoir Éireannacha i ndiaidh gearrliosta de sheisear a bhaint amach don Booker Prize na bliana seo.
Ainmníodh Paul Lynch as a úrscéal ‘Prophet Song’ atá suite i mBaile Átha Cliath i dtodhchaí ina bhfuil an tír ag sleamhnú i dtreo an ollsmachtachas (totalitarianism).
Tá Paul Murray ainmnithe as a shaothar ‘Bee Sting’ a bhaineann le teaghlach i lár na tíre atá i ngéarchéim airgeadais agus mhothúchánach (financial and emotional crisis).
Scríbhneoirí atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath iad an bheirt.
Phioc an cúigear moltóirí an gearrliosta as liosta 13 leabhar agus bhí beirt scríbhneoir Éireannacha eile ar an liosta fada.
Bhí Elaine Feeney ar an liosta fada lena húrscéal ‘How To Build A Boat’.
Agus thug na breithiúna le fios freisin gur bheag nár chaill Sebastian Barry áit ar an ngearrliosta lena úrscéal ‘Old God’s Time’.
Ba é an cúigiú uair é a bheith ar an liosta fada agus bhí sé ar an ngearrliosta faoi dhó roimhe seo.
Dúirt duine de na moltóirí, an tOllamh James Sharpiro, nárbh aon timpiste é go ndearna údair Éireannacha go maith.
‘Tá cáilíocht na scríbhneoireachta thar barr,’ a dúirt sé.
Chuir cathaoirleach an phainéil moltóireachta cúigear, an scríbhneoir Esi Edugyan, síos freisin ar ‘thraidisiún domhain liteartha’ na hÉireann.
Sarah Bernstein (Ceanada), Study for Obedience (Grant Books)
Jonathan Escoffery (Meiriceánach), If I Survive You (4th Estate)
Paul Harding (Meiriceánach), This Other Eden (Hutchinson Heinemann)
Paul Lynch (Éireannach), Prophet Song (Oneworld)
Chetna Maroo (Briotanach), Western Lane (Picador)
Paul Murray (Éireannach), The Bee Sting (Hamish Hamilton)
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.